‘DIY’ le Pauline Scanlon

Tá deich mbliana ann ó sheol Pauline Scanlon a céad albam aonair, Red Colour Sun. Tá bean an Daingin anois ag díriú ar eisiúint úrnua agus tá cur chuige éagsúil in úsáid aici an babhta seo…


Seoladh feachtas Fundit le hamhránaí aoibhinn Chiarraí Pauline Scanlon an tseachtain seo, a chuirfidh ar a cumas albam úrnua aonair a dhéanamh go neamhspleách.

Ag labhairt di le NÓS, dúirt Pauline – atá mar bhall den díséad Ciarraíoch Lumiere – gur mhothaigh sí go raibh sé in am a saothar féin a scaoileadh uaithi arís.

“Tá tamall fada caite ó thaifead mé mo chéad albam aonair agus tá mé ag bailiú amhrán don gceirnín seo ó shin,” ar sí.

“Amhráin is ea iad a labhraíonn liom, a bhfuil doimhneacht agus tábhachtach ag baint leo domsa, agus ar mhaith liom mo chuid féin a dhéanamh dóibh.”

€15,000 an sprioc don fheachtas, 26 lá atá fágtha agus tá bealaí seiftiúla agus tarraingteacha á gcur chun tosaigh ag bean óg Chorcha Duibhne le daoine a tharraingt i dtreo an fheachtais.

Ar €10, an gealltanas is lú, gheofá albam digiteach coicís roimh an seoladh oifigiúil.

Ar shuimeanna éagsúla ina dhiaidh sin, is féidir iontais bheaga eile a chinntiú, mar atá rian bónais, ranganna amhránaíochta ar Skype, ceardlanna, ticéid cheolchoirme agus tuilleadh nach iad.

D’admhaigh Pauline gur ag snámh idir dóchas agus imní atá sí agus an feachtas tiomsaithe airgid seolta aici.

Ach thar aon rud eile tá sí “ana-bhuíoch” as an deis bheith aici tabhairt faoina leithéid de thogra.

pauline-scanlon

“Seo an chéad albam a bheas á sheoladh agam gan aon tacaíocht ó lipéad agus is ábhar lúcháire dom go mbeidh an cur chuige ‘DIY’ seo leis,” arsa Pauline.

“Teastaíonn uaim bheith neamhspleách leis an gceirnín seo agus tabharfaidh Fundit an deis dom é sin a dhéanamh go hiomlán.”

Mealladh i dtreo na comhlachta Éireannaigh Fundit í mar go bhfuil “an-chuid” déanta acu, dar léi, chun tacú le ceoltóirí na tíre.

Níl aon leideanna tugtha ag Pauline go dtí seo maidir leis an rogha amhrán atá beartaithe aici don albam ach dúirt sí go mbeidh sé go hiomlán éagsúil ó na tionscnaimh atá déanta aici go dtí seo.

Is é John Reynolds a bheas mar léiritheoir ar an albam, a dhéanfar a thaifeadadh ina stiúideo i gcathair Londan, áit ar thaifead Damien Dempsey, John Spillane, Liam Ó Maonlaí, Sinéad O’Connor, Herbie Hancock agus Robert Plant roimhe.

Tá sé i gceist ag Pauline camchuairt a thabhairt timpeall na hÉireann nuair a bheas an t-albam réidh.

Is féidir tacú léi anseo.

SCÉALTA EILE