Is annamh a chloisfeá fadcheirnín sa stíl juke/footwork atá chomh sásúil mar shaothar éisteachta ina iomláine is atá an début seo le DJ Paypal as Carolina Thuaidh.
Cabhraíonn sé go bhfuil Sold Out ina mionalbam ocht rian ar fhad.
Cruthaíodh ceol footwork chun deis a thabhairt d’fhir óga a gcumas agus a n-aclaíocht rince a thaispeáint ag damhsaí, agus tá blas ar an mbeagán.
Is cuma faoi cheardúlacht dhamanta nó fís neamhghnách léiritheoirí footwork – mar DJ Rashad agus Traxman – le rian i ndiaidh riain de bhuillí luaineacha 160bpm agus samplaí ar mire, bíonn tuirse ar na cluasa seo sula bhfuil deireadh albaim dá gcuid sroichte.
Ní hamhlaidh i gcás Sold Out.
Siúlann DJ Paypal ar thaobh geall na sráide, áit a bhfuil na samplaí is súmhaire le haimsiú.
Samplaí mar na giotaí trumpa agus altsacsafón (Miles Davis & Charlie Parker, seans) ag teacht isteach mar a bheadh gaoth an Mhárta ar ‘Awakening’ nó pianó drithlíneach ‘Ahhhhhhh’.
Ar thaobh craiceáilte an speictrim, cuireann ‘Slim Track’ tréan buille 4/4 faoi bhun samplaí treibheacha Afracacha, ar nós go raibh Clap! Clap! na hIodáile ag cumadh ceoil do lipéad Dance Mania Chicago.
Tá fuaim níos sofaisticiúla le clos ar an rianteideal ‘Sold Out’, píosa ceoil a chuirfeadh oidhreacht Steve Reich agus Philip Glass i gcuimhne duit, lena théaduirlisí atá teann tirim.
Agus an méid sin déanta aige, fágann Paypal slán againn le ‘Say Goodbye’ – port cumhach tomhaiste eipiciúil seacht nóiméad ar fhad a chruthaíonn nach gá go mbeadh footwork gafa i gcónaí le drumaí ar mire agus samplaí gleoiréiseacha.
Tá stíl saothraithe ag an mac seo, agus níl anseo ach tús.