Fé mar a deir fógra úd Ronseal, tá an táirge cruinn díreach mar a ghealann an lipéad i gcás Wave Funk.
Baineann an “wave” leis an rud a bhíonn Ed DMX Londan ag taifeadadh ar threalamh analógach amháin; na saghasanna céanna synths a bhí in úsáid ag Kraftwerk, Depeche Mode agus Model 500 siar sna hochtóidí – trealamh a thugann smacht don léiritheoir ar mhinicíocht na bhfuaimthonnta atá mar bhunús leis na nótaí ceoil a chloiseann cluas an duine.
Tagann an func as an imeartas speisialta sin a bhíonn ag an dord agus na drumaí ar a chéile, rud a chruthaíonn groove sa cheol a chuireann fonn te ort rince… bíodh sé go go hingearach nó go cothrománach!
Ní hamháin go bhfuil an seacht gceann déag seo de rianta damánta funky ach tá Wave Funk ag cur thar maoil le foinn lúbacha agus smaointe cliste curtha i gcrích go deaslámhach.
Tá Cherry Ripe mar a shamhlófa léamh Orbital ar an saghas caol-dioscó leictreonach a chleachtann Metro Area.
Tá Mr Blue ar nós róbat ag iarraidh sainmhíniú i bhfoirm ceoil a thabhairt ar ré Headhunters Herbie Hancock.
Ach tá I Can’t Control The Feeling mall machnamhach ar an ngaisce is mó a bhfuil bainte amach ag DMX; ceol dorcha, casta, gnéasach.
Ceann d’albaim leictreonacha na bliana, gan fiú caint ar an ocht rian déag atá le clos ar an diosca breise!