Dord diostóipeach, speisialta

Special Request – ‘Belief System’


N’fheadar an bhfuil tuiscint níos doimhne ag duine ar bith beo ar chumhacht dhamanta na minicíochtaí doird ná mar atá ag Paul Woolford (Special Request).

Tá dord-línte le clos ar Belief System a leagfadh bloc árasán ach iad a chasadh ard a dhóthain.

Tá an t-albam dúbailte seo ar an dtarna fadsaothar eisithe ag Woolfood mar Special Request, togra a bhunaigh sé siar in 2011 mar a léamh comhaimseartha féin ar fhuinneamh amh an dordcheoil leictreonaigh den saghas a bhí le clos ar stáisiúin raidió bhradacha na Breataine siar sna 90í.

Dílis don bhun-fhís úd, baineann na rianta ar dhiosca 1 de Belief System feidhm ghlic as eilimintí de cheol IDM, electro agus techno chun anam a chur i sean-stíleanna idir hardcore, garage agus ceol druma is doird.

Tá gluaiseacht an cheoil an-chosúil lena bhfuil le clos ar an dj-mheascán iontach a chuir Woolford le chéile don tsraith ‘Fabric Live’ ag tús na bliana seo.

Ag tosnú le techno réchúiseach ‘Chrysalis’ méadaíonn luas agus fuinneamh an cheoil le himeacht an ama.

Tá idir electro (‘Adel Crag Microdot’), garage diostóipeach (‘Change), dord-techno as a riocht (‘Scrambled In LS1’), agus hardcore rancásach (‘Make It Real’ ,’Brainstorm’) romhat sara gcuireann trí chinn de rianta druma is doird clabhsúr le diosca 1.

Tá eolas as cuimse Woolford ar gach cleas teicniúil a bhaineann le léiriú an dord-cheoil soiléir le clos.

Anuas air sin, tá blas séiseach ar leith ag baint leis an gceol seo.

Más trom, dorcha iad rianta mar ‘Crag Cave Microdot’ agus ‘Curtain Twitcher’, tá fuinneamh gnéasúil dosháraithe ag baint leo chomh maith.

Ní foláir a rá go bhfuil cóiriú agus dearadh fuaime na rianta druma & doird thar na bearta ar fad, ‘Leviathan’ agus ‘Relicant’ (Nexus 7 VIP) go háirithe.

Táid go mór faoi chomaoin ag oidhreacht cheoil lipéid mar Prototype agus Metalheadz na 90í, is fíor duit, ach tá snas agus ilchastacht ar obair Woolford nár chualathas riamh roimhe seo.

Is é an trua, mar sin, go dtiteann an tóin as Belief System ar diosca 2.

Tugann Woolford faoi fhuaim dhiostóipeach nuachlasaiceach gan bhuillí, don chuid is mó.

Tá an dearadh fuaime fós ar ardchaighdeán, ach ní leor sin leis féin.

Fiú má dhúisíonn drantán doird ‘Transmission’ as do chodladh thú leath slí tríd is turas gruama leadránach é.

Maithfidh muid do Woolford a mhístuaim aeistéitiúil an babhta seo; tá diosca 1 go diail ar fad.

SCÉALTA EILE