I measc na bhféilte éagsúla atá ag titim amach anseo in Éirinn le linn na míosa seo chugainn tá Féile Bhéal Feirste ag Ollscoil na Ríona/Belfast Festival at Queen’s, atá ag cur siamsa ar fáil sa chathair cois cuain ó bhí na 1970í ann.
Tá réimse leathan imeachtaí ar an chlár arís i mbliana, ó cheol clasaiceach agus ceoldrámaí go díospóireachtaí, amharcealaín agus taispeántais scannán.
Do dhuine ar bith áfach a bhfuil spéis acu i gceol gasta funcaíáilte na hAfraice, níl ach tarraingt amháin ar chlár na bliana seo, agus is é sin Tony Allen.
De bhunadh Lagos na Nigéire, rugadh Allen sa bhliain 1940 agus thosaigh sé amach ar bhealach an cheoil i ndiaidh dó bheith ag éisteacht le drumadóirí snagcheoil na Stát Aontaithe ar nós Art Blakey agus Max Roach.
Níorbh fhada go raibh an drumadóir beoga ag meascadh stíleanna difriúla ceoil leis an cheoltóir clúiteach agus gníomhaí cearta, Fela Kuti, agus bhí síol gluaiseachta nua curtha acu – Afrobeat.
Ní hamháin gur chuir na buillí cumhachtacha a bhí á gcruthú acu tús le réabhlóid cheoil san Afraic agus níos faide i gcéin, ach bhí teachtaireacht láidir pholaitiúil á scaipeadh acu chomh maith a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúin úr de dhaoine gorma ar fud an domhain.
Tá go leor déanta ag Allen ó bhlianta órga sin Afrobeat – comhoibriú le Damon Albarn de chuid Blur san áireamh – ach tá a chuid tuairimí go fóill aige faoi cá háit a bhfuil a thír dhúchais ag dul i láthair na huaire.
Mar a deir sé féin: “Níl an Nigéir ag éirí níos fearr.”
“Sin an fáth a bhfuil gach duine ag iarraidh theacht chun na hEorpa.
“Níl ann ach mí-riarachán agus breabaireacht, bua na hoiriúnachta.
“Bitseach d’áit atá ann.”
Fiú muna bhfuil sé sásta cur faoi sa Nigéir a thuilleadh, tá inspioráid cheoil á fáil aige in áiteanna éagsúla i gcónaí agus tá beocht nach beag le mothú ina mhaidí druma go fóill.
“Is é ceol an misean atá agam”, arsa sé.
“Ní bhím iomlán sásta in am ar bith agus tá mé go fóill ag foghlaim ó dhaoine eile.
“Tá saol an cheoil an-spioradalta ar fad agus ní dóigh liom go bhfuil críoch leis.
“Mar cheoltóirí, is é an misean atá againn ná leanúint ar aghaidh.”
Beidh Allen ag leanúint leis i Halla Mandella, Béal Feirste, ar 29 Deireadh Fómhair.