Duais Meteor Choice buaite ag The Gloaming

Duais Meteor Choice le haghaidh Albam na Bliana buaite ag an sárghrúpa trad The Gloaming.

Bronnadh an gradam anocht ag ócáid speisialta i Sráid Vicar, Baile Átha Cliath.

Bhuaigh The Script Amhrán na Bliana le haghaidh Superheroes.

Anseo thíos tá léirmheas ag Ben Ó Faoláin ar an albam iontach.


Togra trasatlantach le rí-veidhleadóir Chontae an Chláir Martin Hayes é The Gloaming.

Ní mór a rá ag an tús go bhfuil ‘The Gloaming’ ina albam iontach. Albam tábhachtach, fiú.

Traidisiúnta go smior, ach ag fógairt treo nua don gceol Gaelach.

Seo ceol maoithneach gan a bheith móiréiseach, nuálach gan a bheith spiagach.

Is iad baill eile The Gloaming an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird as Cúil Aodha, an veidhleadóir Caoimhín Ó Raghallaigh as Baile Átha Cliath, Denis Cahill Chicago (ach gurb as do Pharóiste Mórach in Iarthar Dhuibhneach a thuismitheoirí) agus an pianódóir óg Nua Eabhrac-lonnaithe Thomas Bartlett (a bheadh cloiste agat cheana, seans, ar albaim mar ‘Boxer’ le The National nó ‘The Crying Light’ le Anthony And The Johnsons).

Tá bunús le fealsúnacht cheoil The Gloaming le haimsiú in dhá rud a thug Martin Hayes le tuiscint faoin gceol traidisiúnta agus é fós ina gharsún.

Ar an gcéad dul síos, thug sé fé ndearadh go gcasfadh ceoltóirí críonna port i slí a bhí lán dílis dá mothúcháin féin, go raibh an ceol ag eisil ó áit dhomhain phearsanta.

Tharla an tarna eipeafáine lá gur thug Tommy Potts cuairt ar chlann Hayes.

Thug Potts léiriú lena lámha féin do Hayes nach bhfuil deireadh leis na slite difriúla go bhfuil ceoltóir samhlúil in ann aon phort ar leith a sheinm.

Níl aon “cheart” nó “mí-cheart” ag baint le healaín.

Is ait an mac an saol, mar is é toradh an tionchair a d’imir na tuiscintí úd ar stíl veidhleadóireachta Hayes a mheall Thomas Bartlett chun seó beo Hayes a leanúint timpeall na hÉireann oíche i ndiaidh oíche ar feadh seachtaine agus an Meiriceánach ar saoire sa tír lena chlann agus é in aois deich mbliana.

Spreag eachtraíocht shéiseach Hayes an pianódóir óg go mór, agus tá an ciorcal comhlánaithe anois sa mhéid is gurb é pianódóireacht bheo-intinneach, airitheach Bartlett, nach bhfuil bunaithe sa cheol traidisiúnta, a aimsíonn go minic na línte séiseach a thugann saoirse do cheoltóirí eile The Gloaming chun seaicilí an traidisiúin a chaitheamh daoibh nuair is gá leo.

Tá veidhleadóireacht Uí Raghallaigh ar hardanger d’amore, veidhlín speisialta le deich dtéad air, ina iontas – bíodh na nótaí tirime piachánacha a chuireann tús le ‘The Old Bush’ i gceist, nó an t-idirghníomhú séiseach le Hayes ar ‘The Girls Who Broke My Heart’.

Tá leagan The Gloaming do ‘McAllistrum’s March’ ar nós iarracht a dhéanfadh an grúpa snagcheoil Esbjorn Svennson Trio tráth den saol spiorad ‘Bolero’ le Ravel a dhúisiú trí mheán an cheoil traidisiúnta.

Tá gach gné de cheol iontach The Gloaming le clos san ‘Opening Set’ seacht nóiméad déag – ó chaoineas amhránaíocht Uí Lionáird go híostachas séiseach Bartlett, agus ó fhéin-fhiosrú Hayes go sleachta ensemble damanta spleodrach.

Aimsigh agus éist le ‘Opening Set’ agus abair ansin nach bhfuil fonn ort a thuilleadh a chlos.


Léigh ‘60 Soicind le Caoimhín Ó Raghallaigh’ anseo.

SCÉALTA EILE