Den chéad uair riamh beidh amhrán comhaimseartha Gaeilge ar sheinnliosta 2FM, mar chuid de dhuais iontach atá á tairiscint do ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2018.
Aréir i dteach tábhairne Ruin i mBaile Átha Cliath fógraíodh go mbeadh an clár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dul i gcomhar le RTÉ 2FM chun an deis eisceachtúil seo a chur ar fáil ag na gradaim bhliantúla a thugann aitheantas don nuacheol Gaeilge.
Is iad Eoghan McDermott ó 2FM, an ceoltóir Eleanor McEvoy agus an léiritheoir ceoil aitheanta Ciarán Byrne a dhéanfaidh moltóireacht ar rannóg an amhráin is fearr, a bhronnfar ag ócáid speisialta sa Sugar Club san ardchathair Dé hAoine 12 Eanáir.
“Tá mé an-sásta go bhfuil Bláthnaid Libh, 2FM agus NÓS ag obair le chéile air seo,” arsa Bláthnaid Ní Chofaigh ag fógairt an scéil.
“Tá ciall go mbeadh an craoltóir náisiúnta ag tabhairt ardáin don cheol nua Gaeilge, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ceol is ea ceol, is cuma cén teanga!”
Anseo in @ruinbardublin le @BlathnaidRua agus @TomaiRua le hamhrán na bliana le @nosmag a sheoladh roimh @popupgael 👯😎 pic.twitter.com/sWY0uA28OJ
— Siún Ní Dhuinn (@Siuners) 30 Samhain 2017
Dúirt Ceannasaí 2FM, Dan Healy, a labhair i nGaeilge ag an seoladh, go raibh an stáisiún tiomanta do cheol agus do cheoltóirí na tíre seo a chur chun cinn agus go raibh gliondar orthu bheith in ann tacú le ceoltóirí Gaeilge.
Ní hamháin go mbeidh an t-amhrán buach san áireamh ar sheinnliosta RTÉ 2FM ar feadh seachtaine ach beidh deis ag na buaiteoirí a n-amhrán a thaifeadadh as an nua i stiúideonna Raidió RTÉ le Ciarán Byrne.
Is féidir le hamhránaithe agus le bannaí cur isteach ar Ghradaim NÓS 2018 go dtí 14 Nollaig agus ansin fógrófar an gearrliosta roimh an Nollaig anseo agus ar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bronnfar na gradaim ag ceolchoirm spleodrach sa Sugar Club, BÁC, ar 12 Eanáir.