Dúchas is Dóchas – Diarmuid de Faoite ina sheandálaí ceoil

Is iomaí imeacht den scoth atá ar siúl ag Oireachtas na Samhna, atá ar siúl faoi láthair i gCill Airne, agus ina measc tá seoladh taisce ceoil as Contae an Chláir san oíche amárach.

Is é Diarmuid de Faoite a sheolfaidh Dúchas is Dóchas, ceolchoirm a bheidh ag tarraingt ar fhréamhacha an cheoil sa Chlár agus a chaithfidh súil i dtreo na todhchaí. Le cuidiú ón scéim Duala i gcomhar le Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) agus Oifig Ealaíon an Chláir, thosaigh Diarmuid de Faoite ag tochailt sa traidisiùn láidir amhránaíochta a bhí sa chontae.

Is beag duine a bhfuil Gaeilge acu nár chuir cruth ar a bhéal leis na focail “Beidh Aonach Amárach…” a chanadh. Gach seans go mbainfear coróin an amhráin úd faoi dheireadh na ceolchoirme, áfach. Tá breis agus 130 amhrán aimsithe go dtí seo agus seoda ar fáil ar fud an chontae.

Tá Diarmuid ina aisteoir, amhránaí, agus stiúrthóir ar an seó.

“Níl aon rud nach féidir leis a dhéanamh agus é i gceannas ar an tionscnamh seo,” a dúirt foireann na ceolchoirme faoina bhuanna ar an chur i láthair.

I measc na n-amhránaithe uile faoi stiúir de Faoite, beidh Philip Fogarty agus a bhosca ceoil, Emer O’Flaherty ag canadh agus ag seinm an phianó, agus mar aoi speisialta, Conn Ó Muineacháin as RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a ghiotár.

Canfar faoi roinnt ábhar a mbeadh dáimh ag aon duine leo: an grá, an briseadh croí, an greann, an spórt. Ní léiriú ar stair an cheoil amháin iad na hamhráin seo mar go dtabharfaidh siad léargas ar an phobal agus ar an tsochaí as ar eascair siad.

Is é spreagadh an cheoil an uaillmhian is mó atá ag foireann na cartlainne beo. Ba mhaith leo go mbeadh mórtas agus dúil ag lucht an chontae agus níos faide i gcéin sa cheol traidisiúnta agus tá siad ag súil go ndéanfaidh Dúchas is Dóchas sin a spreagadh.

Is in Óstán an Brehon ar 7:30in, Dé Sathairn 4 Samhain, a rachaidh an fhoireann chun ardáin.

SCÉALTA EILE