Is léiritheoir ceoil é Calibre a bhfuil a thionchar le mothú go láidir ar dhomhain idirnáisiúnta druma agus doird. Labhair sé le Ben Ó Faoláin faoi thús a shaoil cheoil i mBéal Feirste agus faoina phleananna is úire.
Ní suim do Dhominick Martin seasamh poiblí a ghlacadh chuige féin – níl suíomh idirlín, blog ná cuntas Facebook aige.
“Go pearsanta, fanaim amach as an saol druma agus doird,” ínsíonn sé do NÓS, “ach táim go fóill i ngrá leis mar fhoirm cheoil.”
Mar an léiritheoir Calibre, agus úinéir cheirníní Signature, caitheann an fear beag séimh seo as deisceart Bhéal Feirste scáth ollmhór thar thionscal an cheoil druma agus doird.
Ó DJ Marky go Marcus Intalex, ó Fabio go DJ Friction, ní minic do dhioscmharcach na stíle druma agus doird seit a chasadh gan ar a laghad port amháin de chuid Calibre a bheith san áireamh.
Níos spéisiúla fiú, gnóthaíonn blas séiseach ar leith cheirníní Calibre spás dóibh i mboscaí dioscmharcacha níos eicléictiúla mar Norman Jay, Mr Scruff agus Laurent Garnier freisin.
“Ní theastaíonn uaim a bheith cáilliúil ná saibhir,” a deir sé, “ní theastaíonn uaim ach mo chuid oibre a dhéanamh.”
Coincheap coibhneasta é an saibhreas, gan dabht, ach tá sé ró-dhéanach do Mhartin an clú a sheachaint.
Ní bhíonn staonadh riamh ar a chuid oibre mar sin féin: is é céad dj-meascán oifigiúil Calibre, an ‘Fabriclive 68’ síodúil, is cúis leis caint le NÓS (tá léirmheas air ar leathanach 12 anseo) agus tá a albam stiúideo nua, an ‘Spill’ iontach (uimhir a hocht uaidh!), suite ag barr na gcairteanna druma agus doird faoi láthair.
Cad a spreagann ceol deiscnearthach an léiritheora ilghníomhaigh seo?
“Ar dtús, go raibh maith agat”, arsa Calibre. “Nílim cinnte cad a spreagann mé, i ndáiríre. An tslí a mothaím féin uair amháin, uair eile is í an tslí a braitheann an domhain a spreagann mé. Is deacair a rá. Ach is breá liom a bheith i mbun ceol a chumadh, mar sin ní cheistím féin ró-mhinic.”
Aithníodh féith an cheoil i gCalibre agus é fíor-óg.
“Nuair a bhí mé 5 nó 6 bliana d’aois bhí orm na trialacha tuinairde seo a dhéanamh ar scoil, agus fuair mé gach ceann acu ceart,” a deir Calibre.
“Roghnaíodh mé chun freastal ar scoil cheoil agus foghlaim conas an veidhlín a sheinm.
“Bhí gráin agam ar an scoil cheoil toisc é a bheith ró- acadúil, ar nós an airm le gléasanna ceoil,” arsa sé.
“Bídís ag screadaíl orm, rud nár thaithin liom ag an aois
sin, agus d’fhág mé slán acu. Ach bhí mé fós ag seinm i mbannaí ceoil Gaelacha ar an fheadóg stáin agus an veidhlín – chasfainn gach rud ó jigeanna go polcaí go bailéidí malla aoibhne uaigneacha.”
Ba cheol ska The Specials, UB40 agus Madness an chéad cheol a dhein croí Calibre a mhealladh dairíre.
“Chuaigh mé go Madness le mo thuismitheoirí agus bhí orthu an gig a stopadh nuair a bhris na skinheads seo ar fad isteach tríd an doras,” arsa Calibre, “bhí sé craiceáilte!”
As sin thosnaigh sé ag cur suime i gceol indie, punc agus miotal.
“Má bhí ceol ann a bhí ag insint do na húdaráis fucáil leo, bhí dúil agam ann. Níl fonn orm é a admháil anois, ach bhí mé rud beag mar sin ag an am.”
Is de sheans a chuala Calibre ceol druma agus doird don chéad uair, nuair a thosnaigh a dheartháir ag ceannach ceirnín ar lipéid mar Moving Shadow timpeall na bliana 1993.
“Ní raibh a fhios agam cad a bhí ann, agus níor thaithin sé puinn liom nuair a chuala mé é don gcéad uair,” a deir sé. “Ach ansin bhí cóip de ‘Terminator’ le Goldie ag mo
dheartháir agus bímís ag éisteacht leis an-chuid agus sinn ag glacadh eacstáise. Is ansin a dúirt mé liom féin Críost, tá an ceol seo iontach maith.”
Is stair é an méid eile, ach an éiríonn Calibre riamh bréan de bheith ag plé le ceol druma agus doird amháin, mar a d’éirigh a chomhghleacaí Marcus Intalex a bhíonn anois ag eisiú ceol techno faoin ainm cleite Trevino?
“Bhí ceol i stíleanna eile á chumadh agam riamh, ach is ceol druma agus doird atá tar éis an saol seo a bhronnadh orm,” arsa Calibre.
“Tá fonn orm díriú isteach ar stíleanna eile níos mó, ach glacann sé an-chuid ama agus ní furasta dom an t-am sin a chaitheamh air gan scaoileadh leis an cheol druma agus doird. Ach beidh albam de cheol nach ceol druma agus doird é á eisiúint agam tar éis ‘Spill’. ‘Valentia’ an teideal, agus beidh sé eisithe faoi m’ainm féin, Dominick Martin.”
“Éistím fós le ceirníní sa bhaile i mo theach i mBéal Feirste, áit a bhfuil an chuid is mó de mo bhailiúchán. Ach mar dhioscmharcach is dlúthdhioscaí a chasaim. Mar úinéir lipéid cheoil tá tábhacht leis an cheirnín vinile mar is bailitheoir ceirníní mé féin, ach mar dhuine a bhfuil baint agam leis an tionscal ceoil tá orm glacadh le hathruithe áirithe. Tá súil agam go mairfidh an ceirnín vinile sa toghchaí, áfach.” Calibre
Tá go leor acu fós timpeall ar ndóigh agus tóir mhór orthu i measc na mbailitheoirí agus ina measc siúd a mbíonn léirthuiscint agus grá acu don fhuaim leithleach a chuireann na ceirníní seo ar fáil do na cluasa.
Má tá fonn ort iad a bhlaiseadh, seo iad na cúig cheirnín deireanacha a cheannaigh Calibre:
1. Jimmy Radway & The Fe Me Allstars – ‘Dub I’ (Pressure Sounds Records)
2. Duane Pitre – ‘Feel Free’ (Important Records)
3. Bandulu – ‘Antimatters’ (Infonet Records)
4. Little Roy – ‘Tafari Earth Uprising’ (Pressure Sounds Records)
5. Ceoltóirí Éagsúla – ‘Excavated Shellac – Strings – Guitar, Oud, Tar, Violin and More from the 78rpm Era’ (Parlortone Records)