Tá feachtas slua-mhaoinithe seolta ag an amhránaí Duke Special in éineacht leis an bhanna Ulaid chun cuidiú leo albam úr a chur amach a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol agus ar amhráin a bhaineann le Béal Feirste.
Togra ar leith ceoil é Ulaid ina bhfuil na sárcheoltóirí traidisiúnta Dónal O’Connor, John McSherry agus Séan Óg Graham agus aithnítear Duke Special i measc na n-ealaíontóirí ceoil is uathúla sa tír.
Tá sé i gceist acu a dtallann a chur le chéile don albam nua seo agus é a thaifeadadh mar a bheadh ceolchoirm bheo ann, i dteannta lucht féachana.
Is i stiúideo álainn Analogue Catalogue Recording Studio i gContae an Dúin a bheas an t-aicsean ar fad ar siúl ar an 20 agus 21 Eanáir.
Cur chuige coitianta ag ceoltóirí é an slua-chistiú sa lá inniu, go háirithe ó tharla nach mbíonn an tacaíocht chéanna ó lipéid mar a bhí agus nach bhfuil an oiread sin díolacháin ann ó thaobh dlúthdhioscaí de.
“Is gá a bheith ag brú ar aghaidh ar bhealaí éagsúla le coinneáil a bheith cruthaitheach,” a dúirt Dónal O’Connor, fidléir Ulaid agus léiritheoir ceoil aitheanta.
“Músclóidh go leor spéise sa cheol agus sna hamhráin atá beartaithe againn don albam nuair a thug muid faoi chamchuairt anuraidh le Peter (Duke Special) agus shíl muid gur fiú iad a thaifeadadh ar bhealach éigin.”
Tá an ceol bunaithe ar bhailiúchán Francis J Bigger, atá i gcartlann Leabharlann na Cathrach, Béal Feirste.
Fear léann as Béal Feirste ba ea Bigger a tháinig ar an saol i lár an 19ú aois agus tá gach sórt gné agus tréith den chathair á ceiliúradh sna hamhrán a bhailigh sé.
“Tá amhrán ann a dhéanann plé ar na longchlóis, ar lon dubh clúiteach Loch Laoi agus ar shean-cheantair i mBéal Feirste ar nós an Half Bap nó Little Italty,” arsa Dónal.
Tá tiúineanna nua-chumtha acu fosta, ar nós ‘The Far Set’, a thugann nod d’abhainn na Feirste a shníonn fríd an chathair agus a thug ainm di.
Is deas gur cuireadh síol na comhoibre idir Duke Special agus Ulaid i gceann de na tithe tábhairne is mó tóir sa chathair, Tigh Mhadden.
Ba ghnách le Dónal agus John McSherry, píobaire Ulaid, seisiúin a dhéanamh thíos staighre sa phub tuairim is 15 bliain ó shin agus thagadh Peter isteach chun an ghig a dhéanamh thuas staighre.
“Ba nós le Peter theacht suas chugainne le cluas a thabhairt don cheol traidisiúnta nuair a bhí briseadh aige agus dhéanfadh muidne amhlaidh, mar bhí sé iontach.”
“Bhí spéis ariamh ag Peter i gceol traidisiúnta,” arsa John le NÓS, “cé nach raibh an cúlra sin aige.”
“Tá sé ag tumadh isteach i ndomhan nua linn anois leis an albam seo.”
Tá ticéad VIP don cheolchoirm (£5o) i measc liosta na nduaiseanna a mbronnfar ar dhaoine a thacaíonn lena bhfeachtas slua-mhaoinithe ar líne.
Anuas ar scoth an cheoil ar an oíche, beidh deoch an duine agus bia ar fáil, chomh maith le deis casadh leis na ceoltóirí i ndiaidh na ceolchoirme.
Gheobhaidh gach duine i láthair cóip dhigiteach réamhsheolta den albam chomh maith.
Tá mórán bronntanas eile i gceist, idir luach £10 (albam digiteach) agus £3,500 (ceolchoirm acústach i do theach féin!), a rachaidh chun sochair don bhanna chun an t-albam a dhéanamh.
Tacaigh leis na leaideanna anseo!