Dylan Gaelach agus eile

Tá an fhéile litíochta Gaeilge, IMRAM, faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus tá réimse iontach imeachtaí curtha le chéile arís eile i mbliana.

Dúirt Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, go raibh “clár uaillmhianach curtha le chéile againn i mbliana a shásóidh gach éinne, tá súil againn.

“Beidh léitheoireachtaí ann mar is gnáth, mar aon le díospóireachtaí, ceardlanna, imeachtaí do na scoileanna, scannán, lainseálacha leabhar agus coirmeacha ceoil. Beidh sé go diail!

“I measc na n-imeachtaí móra beidh oíche ómóis do phríomhéigeas na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; mórfhilí Rúiseacha ón Ré Airgid tiontaithe go Gaeilge agus go Béarla agus, ar ndóigh, an Tionscadal Dylan, amhráin de chuid an Bhaird aistrithe go Gaeilge ag cuid de mhórfhilí ár linne agus á gcur i láthair ag réaltóga glioscarnacha, ina measc Liam Ó Maonlaí agus Steve Cooney.”

An oíche anocht, rachaidh IMRAM ar aistear ar leith trí stair neamhinste Bhéal Feirste agus is iomaí gné den chathair sin a nochtfar.

Orthu sin a bheas páirteach san imeacht – a bheas ar siúl ar 7in sa New Theatre ar Shráid Essex Thoir – tá Gearóid Mac Lochlainn, Philip Cummings, Seán Ó Dúrois agus Tina McSherry, agus cuirfidh an ceathrar cumasach seo meascán d’fhocail agus d’fhuaim i láthair an lucht éisteachta.

Tá nós* ag súil go mór fosta leis an Tionscadal thuas luaite ina mbeidh amhráin Bob Dylan féin le cloisteáil i nGaeilge ag Liam Ó Maonlaí, Caoimhín Mac Giolla Catháin agus eile, uilig faoi stiúir Steve Cooney.

Is in Crawdaddy, Sráid Fhearchair, a bheas an cheolchoirm seo ar siúl ar 8in Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair.

Téann IMRAM ar aghaidh go dtí 29 Meán Fómhair agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

SCÉALTA EILE