Cumadóir nuachlasaiceach a éalaíonn ó fhoirmiúlacht an halla cheolchoirme isteach i ndomhain an phopcheoil ailtéarnaigh, agus ceol leictreonach na gclub, atá le clos ar début Anna Meredith na hAlban.
Is mó onóir a bronnadh ar Meredith mar chumadóir go dtí seo (cé eile seachas Elvis Costello nó Paul McCartney, b’fhéidir, ar casadh ceol dá gcuid ar BBC Radio 1,2,3,4 & 6?!), agus tá moladh tuillte aici as tabhairt faoi eitilt in aerspás aeistéitiúil nua an phopcheoil gan paraisiút ina seilbh aici.
Mar a fhógraíonn chéad phort Varmints, an singil ‘Nautilus’ ó 2012, níl an saol clasaiceach fágtha ina diaidh ar fad ag Meredith.
Borradh ceoil leanúnach é ‘Nautilus’, sraith i ndiaidh sraithe de lúibíní casta ar ghléasanna práis.
Rud beag ar nós cheol téama an scannáin ‘Rocky‘, ath-shamhlaithe ag Skream, is píosa é ‘Nautilus’ a bhfuil tógáil fuinnimh ar feadh breis agus cúig nóiméad i gceist leis.
Eascraíonn poirt mar ‘Shill’ agus ‘The Vapours’ as áit ina gcastar fuaim chreagánach math-rock Battles agus stíl hair metal Guns ‘n’ Roses ar a chéile.
Tá macallaí de cheol chluichí ríomhaireachta na n-80í agus airpéitseanna díodánacha (unsteady arpeggios) Hudson Mohawke le clos ar ‘R-Type’.
Creidim Meredith nuair a deir sí go bhfuil fuaim bhog leictreonach gan cúinní ‘Scrimshaw’ bunaithe ar mheabhar-íomhá de rónta ag an dioscó!
Is iad na hamhráin (‘Dowager’, Something Helpful’), seachas na píosaí uirlise, na rudaí is laige anseo.
Ar nós Julie Feeney na tíre seo, tá stíl amhránaíochta Meredith rud beag béalmhúinte tanaí, is níl aon fhilíocht i gceist lena cuid liricí.
Deir Meredith nach n-éisteann sí le ceol go rómhinic, agus ní riamh agus í ag lorg inspioráide.
Tá an méid le clos ar Varmints, agus is ceann é de bhuanna an albaim é.
Ar mhórán de Varmints is cosúil le duine ag iarraidh béile a réiteach nár bhlaiseadar ach uair amháin atá Meredith, agus í gan oideas ná múineadh.
Tuigeann sí an fuinneamh atá sí ag iarraidh a chothú, ach ní spéis di aithris a dhéanamh go dall ar shampla cheoltóirí eile.
Is cuma má chiallaíonn sin nach mbuaileann Meredith an sprioc i gcónaí.
Gan a bheith iontach, is toradh spéisiúil fós é Varmints ar a heachtraíocht ceoil.