Band Aid? Seo fíorcheol faoi Ebola…

Is scéal duairc é leathnú an ghalair Ebola in iarthar na hAfraice le bliain anuas.

Tá beagnach 15,000 cás den ghalar tógálach cláraithe anois le breis agus 5,500 duine i ndiaidh bás a fháil.

Tá oibrithe sláinte in eagrais ar nós Médecins Sans Frontières ar thús cadhnaíochta sa troid i gcoinne Ebola ach beidh tuilleadh oibre agus infheistíochta de dhíth chun smacht a fháil ar an eipidéim.

30 bliain ó shin d’eisigh Bob Geldolf agus a chairde in Band Aid an t-amhrán ‘Do They Know It’s Christmas?’ chun airgead a bhailiú do mhuintir na hAetóipe agus anois tá sé tar éis an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na ndaoine atá ag fulaingt de bharr Ebola.

Seans go bhfuil a chroí san áit cheart ag Geldof ach níl gach duine sásta le liricí an amhráin athscríofa, cuid mhór daoine as an Afraic féin ag rá go bhfuil línte ar nós “where a kiss of love can kill you and there’s death in every tear” agus “how can they know it’s Christmas time at all?” maslach agus ag déanamh a bheag de mhuintir na dtíortha atá thíos de bharr Ebola.

Dar linne anseo ag NÓS go bhfuil rud éigin míchompordach faoi cheoltóirí – ar milliúnaithe iad cuid acu nach n-íocann a gcuid cánach – ag impí ar ghnáthdhaoine a lámha a chur ina bpócaí chun cabhrú le pobal iarthar na hAfraice.

Tá feasacht agus gníomh fós de dhíth áfach mar sin is fearr linn i bhfad an eisiúint seo ó chuid de na ceoltóirí is fearr ó cheantar Ebola féin, daoine ar nós Amadou & Mariam, Salif Keita, Oumou Sangare, Tiken Jah Fakoly, Kandia Kora agus Mokobe.

Ní amháin go bhfuil ‘Africa Stop Ebola’ níos fearr ná iarracht Band Aid 30 ach tá sé oideachasúil chomh maith sa mhéid is go dtugann sé eolas do dhaoine faoin ghalar agus faoi conas is féidir leo iad féin a chosaint.

Tabhair cluas éisteachta dó, agus lean na nascanna chun cabhrú leis an fheachtas.

SCÉALTA EILE