Bhí na ráflaí ag dul timpeall le tamall ach tá siad deimhnithe faoi dheireadh.
Tá amhránaí mór na huaire Ed Sheeran i measc na gceoltóirí a bheas le cloisteáil ag canadh as Gaeilge ar albam úrnua CEOL, atá le seoladh ag tús 2016.
Is é a amhrán clúiteach ‘Thinking Out Loud’ – a bhfuil na billiúin éisteacht faighte aige ar líne – atá aistrithe don bhailiúchán faoin teideal ‘Ag Smaoineamh Os Ard’ agus é ag uimhir 1 ar an rianliosta iontach.
Seinnfidh Eoghan McDermott an t-amhrán den chéad uair ar a chlár ar 2FM ag 5.30in inniu.
Tá Ed Rua ar na ceoltóirí is mó riamh chun seinm ar an tsraith albam CEOL – atá ag teacht amach le 10 mbliana anuas – ach is liosta le háireamh iad na mór-ealaíontóirí ceoil eile atá tarraingthe le chéile le haghaidh eisiúint chorraitheach 2016.
Ina measc sin tá Kodaline, The Coronas, Keywest, The Riptide Movement agus Delorentos, mar aon leis an bhanna mór Gaeilge, agus Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016, Seo Linn.
Is iadsan a d’aistrigh ‘Thinking Out Loud’ do Ed agus tá a leagan beo féin den amhrán clúiteach ‘Oró ‘Sé Do Bheatha Abhaile’ san áireamh chomh maith.
Ba iad Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá a chuir an t-albam le chéile in éineacht le 2FM.
Scaipfear CEOL 2016 ar scoileanna agus ar ollscoileanna i mí Eanáir ach muna bhfuil tú in ann fanacht chomh fada sin tá cóid speisialta íoslódála le fáil anois le haghaidh cuid de na hamhráin ar leathanach Facebook Chonradh na Gaeilge.
Rianliosta iomlán CEOL 2016
1. Ed Sheeran – Ag Smaoineamh Os Ard (Thinking out loud)
2. Kodaline – Lig don Ghrá Isteach i do Chroí (Love will set you free)
3. Delorentos – Tabhair Grá Dom (Show Me Love)
4. The Riptide Movement – Beimid Togha (All Works Out)
5. The Coronas – Is Ormsa an Locht (My Fault)
6. Hudson Taylor – Leag Síos do Lámha (Weapons)
7. The Academic – Difriúil (Different)
8. Keywest – An Botún is Fearr (All My Mistakes)
9. Róisín O – An Grá Seo (If You Got Love)
10. Hamsandwich – Mo Sholas Féin (Illuminate)
11. Daithí – Dóilín (Coral)
12. Seo Linn – ÓRÓ, beo le Darkin