Eipic Kamasi Washington

Má bhí teideal oiriúnach riamh ar albam, seo é.

Tá trí uair an chloig ar fad de shnagcheol domhain iar-John Coltrane le clos spréite thar thrí dhlúthdhiosca ar albam débút an tsacsafónaí óig Kamasi Washington as Los Angeles.

Ní hamháin go bhfuil sé eipiciúil fada, bhí trí scór ceoltóirí páirteach i dtaifeadadh The Epic: ceolfhoireann, cór agus croí-ghrúpa snagcheoil Washington (an dordghiotáraí ildánach Thundercat agus a dhrumadóir-deartháir Ronald Bruner Jr ina measc).

Má tá macalla den Sun Ra Arkestra sa chur chuige úd (agus in ealaín chlúdaigh The Epic), tá sé d’aon ghnó – agus más spéis leat ceol Headhunters Herbie Hancock, Weather Report, Minnie Ripperton, Donald Byrd nó 4Hero cuirfidh The Epic gliondar ort freisin.

Tá croí-ghrúpa Washington ag seinm i dteannta a chéile i gcrot amháin nó crot eile ó bhíodar ina ndéagóirí óga, agus tá sé le clos i saoráid agus liriciúlacht a gcuid ceoil – ón ‘Change Of the Guard’ leachtúil anamúil go be-bop piriteicniúil ‘Miss Understanding’.

Tá glór Washington féin ar an sacsafón den sliocht iar-Coltrane, agus an-chosúil le stíl Pharoah Saunders sa tslí is a bhaineann sé scread géar caointeach as an ngléas ar uairibh.

Nuair a dhéanann sé amhlaidh, ar phíosaí mar ‘Askim’, cloistear cumhacht dhamanta an cheoil uirlise chun insint a thabhairt ar mhothúcháin nach féidir a chur i bhfocail.

Cad atá le rá ag Washington?

Measaim féin go gcloisim ceoltóir a bhfuil an lug ag titim ar an lag aige agus fir ghorma fós á ndúnmharú ar shráideanna na Stát Aontaithe, saor ó phionós, ag póilíní na tíre.

Is beag duine a mbeadh sé d’acmhainn ama acu tabhairt faoi The Epic ina iomlán in aon turas, ach tá éagsúlacht go leor le clos ar gach ceann ar leith de dhioscaí The Epic chun do chluasa a shásamh mar albaim iontu féin.

Tá ‘Re Run Home’ ar nós Miles Davis ag jeamáil ar rithim afrobeat le Jazzanova ar na cnaipí.

B’fhéidir go dtéann an t-aoi-amhránaí Patrice Quinn thar fóir leis an rómánsaíocht i gcás ‘Cherokee’, ach tá blas gleoite, scaoilte func ar cheol an phoirt féin, agus aimsíonn Quinn an sprioc ar amhráin eile mar ‘Malcolm’s Theme’ (a chuireann Malcolm X i gcosúlacht le hÍosa Críost) agus ‘The Rhythm Changes’.

Fiú nuair a dhíríonn Washington ar stíl níos míne (‘Clair De Lune’) baineann sé feidhm as glór an chóir chun an leamhas a sheachaint.

Todhchaí an tsnagcheoil?

Ní dóigh liom é, ach tá The Epic ar cheann dos na saothair shnagcheoil is uaillmhianaí agus is suntasaí dá bhfuil tar éis teacht inár dtreo le fada an lá.


SCÉALTA EILE