Cuirfear tús le ré úr de sheisiúin mhaidine in ionad ealaíona Duncairn, Béal Feirste, faoi theideal ‘Na Seisiúin Bhricfeasta’ ar an Domhnach beag seo.
Samhlaigh an chéad lá den earrach, caife deas, boladh bagúin san aer, ag léamh NÓS nó Tuairisc.ie ar do ghuthán, agus ceol ALDOC i do chluasa.
Iarracht atá san fhiontar is déanaí seo de chuid dhíograiseoirí Duncairn na healaíona a chur chun cinn agus tuilleadh deiseanna a chothú do dhaoine teacht chuig imeachtaí cultúrtha.
“Is é an smaoineamh taobh de ná go mbeadh na healaíona á gcur fáil do phobal níos leithne,” arsa Ray Giffen, bainisteoir imeachtaí Duncairn.
“Tá muid aireach chomh maith go dtagann na mílte cuairteoir go dtí an chathair agus nach mbíonn aon rud le déanamh acu maidin Domhnaigh.”
Is ionad ealaíona ar leith é Duncairn, sean-séipéal athchóirithe galánta, a bhfuil cáil air anois mar shár-ionad ceoil a tharraingíonn an chuid is fearr de cheoltóirí le seinm ann.
Tá áthas ar lucht eagraithe ‘Na Seisiúin Bhricfeasta’ go bhfuil grúpa den scoth ag cur túis leis an tsraith.
Tiomanta ag iarbhall Gráda, fear na feadóige Alan Doherty as Tamhlacht Bhaile Átha Cliath, bailíonn ALDOC seisear ceoltóirí idir an Nua-Shéalainn agus An Danmhairg le chéile ar aon ardán amháin.
Deirtear gur pósadh iad idir Bon Ivor, Alt-J, Fat Freddies Drop agus ceol fiáin traidisiúnta na feadóige móire.
Cibé dóigh a gcuirtear síos ar a gcuid ceoil, is breá linn é in oifigí NÓS.
Bígí leo Domhnach 1 Feabhra, idir 10.30rn-2.30in, in Ionad Ealaíona Duncairn, Bóthar Aontroma, Béal Feirste.
Beidh gig acu san ionad an oíche roimh ré, ach tá ‘An Séisiún Bricfeasta’ féin saor in aisce.
Tuilleadh eolais faoi gach imeacht ar theduncairn.com/events