Eisiúint úrnua Lurgan

Bíonn muid ar fad ar bís na laethanta seo le fáil amach cad é an chéad chnag eile a eiseoidh daltaí fuinniúla Choláiste Lurgan, agus tá siad díreach tar éis amhrán nua a chur lena seinnliosta an lá inniu.

Amhrán traidisiúnta Meiriceánach é ‘The Wayfaring Stranger‘ a cheol Burl Ives, Joan Baez agus Johnny Cash thar na blianta ach is é an boc Rua úd, Ed Sheeran, a chuir an tiúin ar ais i mbéal na n-óg arís le déanaí.

Anois tá lucht Lurgan i ndiaidh a gcuid draíochta a imirt air agus é a aistriú go teanga s’againn féin faoin teidieal oiriúnach, ‘Taistealaí Fánach’.

Is leagan breá atmaisféarach, i stíl acapella, é atá déanta ag cór chúrsa B ón samhradh seo a d’imigh tharainn agus ba iad Jenny Ní Ruiséil agus Dáithí Ó Ruaidh a stiúir na daltaí.

Múch na soilse agus cas suas go hard é… nuacheol abú!

SCÉALTA EILE