ÉIST: A halbam nua á phlé ag colúnaí Gaelg NÓS ar Raidió Rí Rá

Labhair colúnaí Gaelg NÓS, Isla Callister, leis an gcraoltóir Seán Ó Dubhchoin faoin albam nua atá díreach eisithe ag a banna ceoil, Trip. Seisear atá sa bhanna ceoil atá lonnaithe i nGlaschú na hAlban, agus is í Isla an t-aon duine as Manainn atá ina ball de. Seoladh an t-albam A Drop for Neptune ag an bhféile Celtic Connections i nGlaschú an deireadh seachtaine seo caite.

A Drop for Neptune ina ‘Albam na hAoine’ inniu ag Seán Ó Dubhchoin ar a chlár Seal le Seán a chraoltar ar Raidió Rí Rá i mBaile Átha Cliath. Labhair Isla leis faoi na rudaí a spreagann í mar cheoltóir, na cuimhní is fearr atá aici ón phróiseas a bhí i gceist leis an albam a thaifeadadh agus go leor eile.

Labhair Seán i nGaeilge le Isla, a d’fhreagair a chuid ceisteanna i Manainnis. Is féidir éisteacht leis an agallamh ar fad ar Spotify agus is féidir A Drop for Neptune a cheannacht anseo. Beidh Trip ag casadh ag Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste níos deireanaí an mhí seo.

SCÉALTA EILE