ÉIST: Amhrán nua eisithe ag Róisín Ní Eadhra

Tá an craoltóir aitheanta Róisín Ní Eadhra, a chaith blianta fada ag obair le RTÉ, TG4 agus UTV Ireland,  tar éis amhrán nuachumtha Gaeilge a eisiúint – ‘Fan Liom’. Ba í Róisín féin  a chum liricí an amhráin uaignigh agus Simon Noble a chum an fonn.

Cuireadh an t-amhrán le físeán draíochta de thírdhreach na hÉireann a chuir an réaltfhótaghrafaí Gareth Nolan i dtoll a chéile.

Ar ndóigh, ní hí Róisín an chéad duine de mhuintir Eadhra a chuir amhrán amach. Ainmníodh a deartháireacha Breandán agus Ritchie  go minic  do Ghradaim Cheoil NÓS lena mbanna ceoil Rís.

Déanfar ceiliúradh ar amhráin nuachumtha Ghaeilge ag Gradaim NÓS 2019 a bheidh ar siúl in  The Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar an 11 Eanáir 2019.