“I was wondering on that judgement day / What song I’d be humming in line for the pearly gates.” Kevin Morby, ‘Pearly Gates’.
Ag pointe éigin bíonn ar gach duine againn dul i ngleic leis an tuiscint go bhfuil srian lenár gcuid ama ar an domhan seo agus go bhfuil an bás ag teannadh linn, luath nó mall.
Tugann creideamh, agus coincheap an “tsaoil eile”, sólás dóibh siúd a gcreideann ann, ach is léir agus tú ag éisteacht le chéad amhrán City Music (‘Come To Me Now’) go bhfuil amhras ar Kevin Morby.
Pé rud a tharlóidh tar éis do Morby a anáil dheireanach a tharraingt, idir an dá linn leanfaidh sé air ag aimsiú inspioráide i gcúinní éagsúla ina bhailiúcháin cheoil.
Fé mar a chanann sé ar ‘Pearly Gates’: “In my time of sorrow / Do you have a song that I could borrow?”
Más saothar in ómós do luath-cheol Bob Dylan agus Joni Mitchell a bhí in albam deireanach Morby, Singing Saw (2016), is litir chumainn do mhórchathracha na Stát Aontaithe é City Music atá fréamhaithe in aeistéitic cheoil The Velvet Underground agus Patti Smith.
Mar a deir glór mná ag tús an amhráin ‘City Music’ féin: “Each night each bar had a band playing music, and the music was electric. Different than the music back home as this wasn’t music from the country but music from the city.”
Léirithe ag Richard Swift (Shins) is albam amh, gleoite é.
Beireann ‘Come To Me Now’ ar an atmaisféar bog, aiféalach sin a bhain le mórán den albam Others People’s Songs le Swift agus Damien Jurado.
Is níl cáineadh i gceist le rá go bhfuil amhráin mar ‘Tin Can’ agus ‘Crybaby’ ar nós amhráin de chuid The Velvet Underground atá tar éis teacht chun solais tar éis leathchéad bliain.
Tá amhráin mar ‘Sweet Jane’ agus ‘Heroin’ cloiste go ró-mhinic agam ag dioscóanna indie agus cóisirí tí, ach is mór an pléisiúr dom nua-amhráin sa stíl chéanna a chlos.
Sin gan trácht ar an ‘1,2,3,4’ aerach in ómós don na Ramones, leis an churfá “Joey! Johnny! Dee Dee! Tommy! / They were all my friends and they died.”
Saothar sultmhar.