Tá beirt leaid as Maigh Eo tar éis leagan Gaeilge d’amhrán clúiteach Billy Joel a fhoilsiú ar líne, agus tá se ar fheabhas.
Is díséad iad David Gallagher agus Chris Duffy a bhfuil lucht leanúna cruthaithe ag a n-amhráin dheasa acústacha ar Facebook le tamall anuas agus tá leaganacha Gaeilge de rianta le Ed Sheeran agus Jason Mraz déanta acu roimhe seo.
Is é an t-aistriúchán breá thuas de ‘Piano Man’ le ceoltóir mór Nua-Eabhrac is mó a thaitníonn linn áfach agus tá breis agus 8,000 radharc gnóthaithe ag ‘Fear an Phianó’ ó foilsíodh é aréir.
Cé nach ndeachaigh ‘Piano Man’ i bhfeidhm an oiread sin nuair a eisíodh é den chéad uair in 1973 mheall sé go leor airde sna blianta a lean agus tá sé anois ar na hamhráin is aitheanta de chuid Joel.
Dúirt David go mbeadh “Billy bródúil as an gceann seo”, agus is dóigh linn go bhfuil an ceart aige!
Is féidir Chris agus Dave a leanúint anseo.