Éist leis an éabhlóid!


Is eol do gach duine agaibh faoin am seo go bhfuil ceol an-ghar dár gcroí anseo in oifigí NÓS agus mar sin cuireann an físeán iontach seo thuas ó mhuintir Cúla4 gliondar ar ár gcluasa.

‘Éabhlóid Cheoil’ is teideal don fhíseán ina dtéann na láithreoirí, agus baill an ghrúpa Spats Colombo, Micheál Ó Ciaraidh agus Gráinne Bleasdale, ar aistear speisialta ‘siar in am’.

In ionad turas fisiciúil áfach tugann an bheirt faoi thuras ceoil ina gcantar cuid de na hamhráin Ghaeilge is aitheanta le 50 bliain anuas.

Ón iontráil Eorafíse ó 1972 ‘Ceol an Ghrá’ agus ‘Tír na nÓg’ leis na Fíréin (a bhfuil beirt acu le feiceáil i gcúl an chairr ag staid amháin) go ‘Léim Thart’ le Des Bishop agus leagan TG Lurgan de ‘Wake Me Up’ Avicii, tá 10 n-amhrán ann san iomlán san fhíseán breá sultmhar.

Chomh maith leis sin, tá físeán suimiúil eile foilsithe ar líne a thugann léargas ar an obair a bhí ag dul ar aghaidh ‘Ar chúl an cheamara‘ le linn an taifeadta.

Ár gceol sibh lucht Cúla4!

SCÉALTA EILE