Mar scríbhneoir, deirtear gur ceart scríobh mar gheall rud éigin a bhfuil eolas agat faoi.
Is comhairle í a thugann miniú ar an difríocht shonrach idir na hábhair a bhíonn faoi chaibidil ag ceoltóirí óga ó chúlraí sóisialta difriúla.
Bíonn meascán feirge agus fantaisíochta ann go minic, ach go hiondúil ta cúis mhaith ag ógánach ó chúlra bocht le bheith ag gearán mar gheall ar a shaol léanmhar, agus is furasta an teachtaireacht a thuiscint dá bharr.
I gcás ógánach meán-aicmeach tá an scéal beagáinín níos casta; tá fonn éirí amach orthu ach ní thugann compórd an tsaoil cúis dháiríre le héirí amach.
Bíonn a gcuid liricí níos teibí dá bharr – tá cosaint san easpa brí ón argóint nach bhfuil an saol “chomh dona sin”.
Agus sin í an chúis go gcloisfidh tú hip hop mar gheall ar an saol laethúil i nghettos New Orleans agus death metal taibhsiúil teibí i bhfobhailte saibhre Stockholm.
Tá toradh damanta ealaíonta ar éalúchas meán-aicmeach Esben And The Witch as Brighton.
Seo ceol cumhachtach iar-phunk dorcha Gothach le crá an amhránaí Rachel Davies curtha i láthair faoi scáth meafarach a bhaineann le cogadh trinse an Chéad Chogadh Domhanda.
Ar amhráin mar ‘The Marching Song’ leagtar sraith i ndiaidh sraithe de ghiotáir scríobacha bhagracha anuas ar dhrumaí teanna máirseála, gach rud ag éirí níos déine agus ag tapú go dtí go mbriseann an stoirm agus líonann amhránaíocht chorraitheach Davies an ciúnas.
Ní hé an t-aon chleas atá acu – léiríonn ‘Chorea’ agus ‘Eumenides’ go bhfuil léiritheoir fuaime ag Esben i ngiotáraí Daniel Davies a thuigeann, ar nós Jamie as The Xx, an méid atá le foghlaim ag ceol indie ó léiritheoirí ceoil leictreonaí mar Burial agus Ramadanman.
Bíodh Violet Cries ina phléisiúr purgóideach acu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu tabhairt faoi.