Eve Bhuach

An Conallach óg Eve Belle a bheas ag ceol d’Éirinn ag an Fhéile Phan-Cheilteach i mbliana tar éis an comórtas náisiúnta don amhrán nuachumtha a bhuachan i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine.

Scór amhrán a cuireadh i láthair an lucht éisteachta a bhailigh in Óstán Seven Oaks oíche Shathairn agus sa deireadh roghnaigh na moltóirí ‘Craiceann agus Cnámha’ le Eve Belle.

Bronnadh duais €1,000 ar Eve agus beidh sí anois ag déanamh ionadaíochta d’Éirinn i gcath na gCeilteach ag deireadh mhí an Mhárta.

Amhrán den scoth is ea é ‘Craiceann agus Cnámha’ a chuireann síos ar an bhriseadh croí agus na mothúcháin láidre a thagann chun cinn ag deireadh caidrimh.

Bhí iomaíocht ghéar ann ón sár-ghrúpa IMLÉ, a tháinig ar an dara háit lena n-amhrán ‘Fun Orm’ agus is iad Aoife Scott agus Enda Reilly a sciob leo an tríú háit le ‘Slán Leat’.

An craoltóir aitheanta Síle Seoighe; Stiofán Ó Fearaíl, príomhamhránaí Seo Linn; agus an t-amhránaí Deirdre Nic Eanruig a rinne jab deacair na moltóireachta.

Ceiliúradh bliantúil é an Fhéile Phan-Cheilteach ina nglacann daoine as Éirinn, Albain, Oileán Mhanann, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus an Bhriotáin páirt agus ina gcuirtear teangacha agus cultúr na dtíortha Ceilteacha chun cinn.

Tá an comórtas idirnáisiúnta d’amhráin nuachumtha i dteangacha Gaelacha agus Briotanacha ar bhuaicphointí na féile agus meallann sé scoth na gceoltóirí ceilteacha gach bliain!

Beidh an 45ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl i gCeatharlach ón 29 Márta – 3 Aibreán.


Craiceann agus Cnámha a chuir tús leis an mhír ‘Amhrán na hAoine’ ag tús na bliana – Léigh cad a bhí le rá ag Eve faoina hamhrán anseo.

SCÉALTA EILE