“The last track’s title means a lot to me: ‘My Back Is Against The Wall’. This is how I often feel as a woman doing what I am doing. It’s hard to be understood by one side and the other.” Cassy
Cad é seo, go díreach?
Tá cónaitheachtaí dioscmharcaíochta ag Catherine “Cassy” Britton ag roinnt de mhór-chlubanna techno na cruinne, ó Phanoramabar Bheirlín go Trouw Amsterdam, gan trácht ar Rex Club Pháras agus Output Nua-Eabhrac.
Léiríonn an turas slachtmhar atá a dhéanamh anseo ó tech-house treibheach domhain leithéid Arrtu agus Kuumba Project go tréan-techno Marco Zenker agus Adam Marshall díreach cén fáth.
An bhfuil aon mhaith ann?
Níl aon piriteicnicí ag baint le Fabric 71, ach is léir go dtuigeann Cassy ceird an dioscmharcaigh techno go mion, agus déanann sí na rudaí bunúsacha go slachtmhar. Cruthaíonn sí teannas iontach sa tslí a gcuireann sí poirt shéiseacha mar ‘Tell Me’ le Norm Talley agus rianta amha rithimeacha mar ’06 A’ le Italo Johnson le hais a chéile. Tá idirghníomhú séiseach breá le sonrú sa tréimhse go bhfuil an port úd de chuid Norm Talley caite anuas ar ‘Mare010’ Livio Imrprota aici. Ó Diamondancer do do cheistiú leis na focail “are you tuned into this funk for life?” ag tús an mheascáin go ‘We Bring Techno’ le Affie Yusuf ag fogairt theacht an stuif crua tar éis leath ama, aimsíonn Cassy na ceirníní cuí chun a teachtaireacht a chur in iúl don éisteoir.
Laigí?
Níl, ach is dócha go mbeadh i bhfad níos mó céille ag baint le drannaire de phort techno mar ‘Completely Gone’ le Emptyset i gcomhthéacs an chlub ag 4 a chlog ar maidin. An breithiúnas? Mmm, blasta.