Cad é seo, go díreach?
Ní haon leisceoir é Gerd Janson.
Mar cheann feadhna ar Cheirníní Running Back, bíonn scoth an cheoil house agus techno á eisiúint i gcónaí aige.
Mar léiritheoir, bíonn sé ag cumadh ceoil i dteannta Philip Lauer mar Tuff City Kids.
Bí ag súil le halbam début na beirte i gceann míosa ar lipéad Permanent Vacation.
Thar aon rud eile, áfach, is dioscmharcach é Janson – dioscmharcach, i bhfocail Theo Parrish, “that can play his ass off. All night.”
Le Fabric 89, déanann Janson a dhícheall, san achar 74 nóiméad atá ar fáil ar dhlúthdhiosca, blaiseadh a thabhairt den saghas seit a chloisfeá uaidh agus é ag casadh ó thús go deireadh na hoíche i gclub Fabric i Londain.
Tá rianta eisiacha le John Talabot agus Boddika & Joy O le clos!
An bhfuil aon mhaith ann?
Taispeántas máistriúil ar cheird an dioscmharcaigh é Fabric 89.
Cuireann Janson tús aoibhinn Bailéarach le cúrsaí (‘Snooze 4 Love’ le Todd Terje, athmheasctha ag Luke Abott, agus ‘Voices’ le John Talabot) sula dtugann sé faoi fhuaim house na sean-ré, nualéirithe ag Shan (‘The City Never Sleeps’).
Seoltar isteach i mall-uiscí dorcha an acid techno sinn le ‘Severed Seven’ le Boddika & Joy O; ansin cuireann airpéitseanna (arpeggios) lonracha ‘Apex’ le Mateo Murphy ruaig ar an dorchadas.
As sin go deireadh an mheascáin, malartaíonn Janson go sciliúil idir fuaimeanna sample-house/piano-house na 90í, fuaimeanna acid-house comhaimseartha agus corr-rian techno.
Ní mór a lua mar ardphointe an úsáid atá bainte ag Janson as ‘Rhythm’ le Joe Claussell chun droichead a thógaint idir techno nathrach ‘Marauder’ le HMC (Late Nite Tuff Guy agus a hata techno á chaitheamh aige) agus cordaí geala ‘Hills, I Want You’ le Roger Van Lunteren ón Ísiltír.
Laigí?
Nach bhfuil an meascán níos faide.
Dhéanfadh 5 uaire an chloig cúis!
An breithiúnas?
Is cosúil gur chuir Comhairle Islington ceadúnas Fabric ar ceal an tseachtain seo caite, iad den tuairim nárbh leor an iarracht a bhí á déanamh ag foireann slándála an chlub chun bac a chur ar dhíol drugaí istigh ann.
Is baolach, mar sin, go mbeidh Fabric 89 ar an eisiúint dheireanach sa tsraith seo dj-meascáin.
Clabhsúr láidir é, más ea.