Fabric Live – Calibre

Cad é seo, go díreach?

An chéad dj-meascán oifigiúil riamh ón léiritheoir clúiteach cheol druma & doird as cathair Bhéal Feirste, Calibre.

Fé mar i gnách leis agus é ag dioscmharcaíocht sna clubanna, is a chuid léiriúcháin féin a bhfuil roghnaithe aige den chuid is mó, idir a chuid eisiúintí féin (ar lipéid mar Signature, Innerground, Soul:R agus Commercial Suicide) agus athmheascáin déanta aige ar phoirt leithéid an phop-amhránaí Bo Saris, Spectrasoul agus an léiritheoir electro-house Totally Enormous Extinct Dinosaurs.

An bhfuil aon mhaith ann?

Turas foirfe ón dtaobh séimh ceolmhar den speictream druma & doird go stuif níos griothalaí i dtreo dheireadh an mheascáin.

Bua amháin ag Calibre nach bhfuil ag do ghnáth dj ná airde fhoirfe, nó ‘perfect pitch’, agus tá an rogha cheirníní ar fad ar Fabriclive 68 meascaithe i dtiúin aige. Saothar éisteachta thar a bheith sásúil é, mar sin, ceann do na cluasáin nó turas fada bóthair.

Níl aon locht ar rogha Calibre, ach lasmuigh dá chuid stuif féin is fiú an ‘Emergency (Dub)’ gread-chosach le Marcus Intalex a lua, chomh maith leis an ‘Down Somehow’ anamúil le Random Movement Cheanada agus an ‘Inner Disbelief’ corraitheach le dBridge. Tá ‘Student Music’ smiúrach Chalibre féin ina sheod neamhaitheanta.

Laigí?

Ní hé Calibre an dioscmharcach is eachtrúla a chloisfeá riamh, ach is beag an locht é nuair is chomh binn a chluas agus chomh socair a lámh.

An breithiúnas? Meascán den gcalabra is airde!

 

SCÉALTA EILE