“I really like the idea of marrying tradition with the infinitely expanding forwardness that you get from computer-world” – Ian Willams, Battles.
Agus mé ag dioscmharcaíocht in indie-dioscó An Róisín Dubh sa Ghaillimh tráth dá raibh bíodh sé de nós agam an t-amhrán ‘Atlas’ leis an ngrúpa math-rock Battles a chasadh leath slí tríd an oíche is mé ag rith le brothall de dheasca an teasa ó urlár rince lán.
“Níor chaill fear an mhisnigh riamh é” a deir an seanfhocal, ach ní fíor é i gcás an dioscmharcaigh: ghlanadh ‘Atlas’ an t-úrlar rince gach uile uair a gcasainn é.
Muna nglacfadh pobal indie Chathair na dTreabh le hamhránaí an ghrúpa, Tyondai Braxton, ag canadh na liricí “People won’t be people, When they hear this sound, That’s been glowing in the dark at the edge of town” ad nauseum ar nós chipmunk naimhdeach thar bhuille mór aerach i dtraidisiún T-Rex mar cheol rince, is lú arís an seans go ndéanfaidh siad shteip rince le haon rud atá le clos ar Li Di Da Di.
De ghnáth bogann rac-ghrúpaí trialacha i dtreo an choinbhinsiúin thar achar ama, ach fiú agus Battles 10 mbliana ar an bhfód is sa mhalairt treo a bhfuilid ag gluaiseacht.
D’fhág Braxton an grúpa tar éis a gcéad albaim (Mirrors, 2007), agus tarraingíodh leithéidí Gary Numan agus Kazu Makino isteach sa stiúideo chun canadh ar albam uimhir a dó (Gloss Drop, 2011).
Níl aon amhránaíocht in aon chor le clos ar La Di Da Di agus is fearr iad Battles dá bharr.
Is éard atá le clos ná ceol iontach luaineach – ceol nach ndéanann an rud lena mbeifeá ag súil go ró-mhinic (agus ní minic gur féidir amhlaidh a rá in aois seo na hathraise).
Séiseanna ag teacht agus ag imeacht i bhfiarláin, rifeanna ag teacht trasna ar a chéile ar ardluas.
Ní de thimpiste atá na línte idir rac-cheol beo agus ceol leictreonach neamhnithe anseo ag Battles – ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht, agus tuigtear gur toradh é La Di Da Di ar argóintí teasaí go leor idir baill an ghrúpa faoi chóiriú deiridh na bpiosaí tar éis seachtainí i mbun taifeadta ar an dtomhas míreanna mearaí ceoil seo.
Cuir ort do chrios sábhála, tá rollchóstóir meadhránach sonach romhat!
Grianghraf: Grant Cornett