Sextile?
An paiste sin de bhalla an tseomra leithris san indie disco a rabhais ag bualadh craicinn suas ina choinne le strainséir is tú ar do chaid an oíche cheana, an ea?
Ní hea, a dhuine uasail.
Deir m’fhoclóir Béarla liom gur an seú cuid de chiorcal – nó 60° – é sextile.
Deir mo chluasa liom, agus albam début an chompántais nihilí seo as LA ag stealladh amach as na callairí (caithfear an ceol seo a chasadh suas go hARD), go bhfuilimid tar éis gluaiseacht 360° siar go laethannta na luath-80í, nuair a bhíodh grúpaí ceoil mar The Birthday Party, Bauhaus, The Cramps agus Sisters of Mercy ag smúrthacht thart ar imeall an Top 50 ag fanacht ar dheis na cluasa a bhaint de dhéagóirí deasa macánta.
Sea, tá imní an tsaoil ar Brady Keehn (fear a bhfuil glór áit éigin idir Cathal Coughlan Chorcaí agus Nick Cave Warracknabeal aige) agus a chomrádaithe, ach nuair atá pianpháis don saghas ardtaithneamhach seo mar thoradh ar mhíshuaimhneas ná bímís ró-chásmhar leo.
Más sa mhargadh le haghaidh saothar purgóideach atáir ná téir níos faide ná A Thousand Hands.
Déanann an dúpholl giotáir, drumaí máirseála agus liricí léanmhara ar chéad phort an albaim (‘A Thousand Hands’) do shú isteach láithreach.
Tagann chéad spíce fuinnimh an tsaothair le hinstealleadh sintéiseoirí ‘I Can’t Take It’, agus macalla éigin d’amhránaíocht chneadach Kim Gordon ar ‘Shadow Of A Doubt’ Sonic Youth ag baint le héirim uchtaigh Keehn.
Tar éis thuireamh tionscalaíoch ‘Truth and Perception’ leagtar ar ais ar thalamh tirim tú leis an ‘Romance’ aimbiach agus an ‘Mind’s Eye’ domhain, deilgneach canta ag drumadóir an ghrúpa, Melissa Scaduto.
Idir sin agus deireadh an tsaothair cloisfear synth-pops dorcha sceirdiúla (‘Shattered Youth’), macallaí de The Cure in aimsir Pornography (‘Into The Unknown)’ agus Joy Division (an singil breá brufanta ‘Visions of You’).
Níl A Thousand Hands foirfe, ach tá a ndóthain déanta ag Sextile le cinntiú go seasfaidh siad amach inár n-intinn ós na mílte bannaí lagmheasartha indie atá thart na laethannta seo.