Cad é seo, go díreach?
Bailiúchán de cheol Afra-Bhrasaíleach ón dtréimhse 1976–2016 curtha le chéile ag an DJ agus bailitheoir ceoil Tahira, as São Paolo, i gcomhar le ceirníní Jazz & Milk na Gearmáine.
Teilgean cainte é ‘levanta poeira’ a dhéanann tagairt do nós na mBrasaíleach brat deataigh a ardú lena gcosa agus iad i mbun rince ag cóisirí amuigh faoin aer. Seo díreach an saghas ceoil a bheadh uait chuige sin, agus rogha Tahira ag leagadh béim ar thionchar an cheoil Afracaigh agus rithimí na mbundúchasach ar cheol na Brasaíle.
Ní haon chnuasach de bossa nova séimh leadránach do lucht na tolglainne é seo!
An bhfuil aon mhaith ann?
Éist le Baião Destemperado le Barbatuques agus abair liom nach n-ardaíonn sé do chroí! Agus rithim déanta ag baill an ghrúpa agus iad ag bualadh a gcos ar an dtalamh, ag bualadh a mbos, agus ag smeachaíl a dteangacha – chomh maith le fonn séisbhinn fliúite agus amhránaíocht a capella – is píosa é chomh sciliúil, samhlaíoch le coisíocht Ronaldinho féin.
Tugaim chun suntais, leis, athmheascán Tahira féin de sheoid Gilberto Gil, ‘Toda Menina Baiana’. Cuireann Tahira síneadh fada le tús uirlise an riain, ag leagadh rithim bhreise den stíl Iarúbach ijexá anuas ar an mbuncheol – mar aon le giotár-líne chroíúil highlife – gan maolú ar spiorad misniúil an bhun-amhráin.
Tá cluichearnacht ghlór Georgete Da Mocidade thar nótaí geala giotáir ‘Kiriê’ ina pléisiúr ceart. Éist go géar leis an rithim ag tús an amhráin (patrún go dtugtar “Congo de Ouro” air sa Bhrasaíl) is tuigfear go bhfuil bunús rithimeach na stíle baile func (seánra ceoil leictreonaigh a shíolraigh ós na favelas le linn na 1980idí) le sonrú san amhrán grianmhar seo a léiríodh in 1979.
Tá moladh tuillte, freisin, ag athmheascán lán-doird Chico Correa de ‘No Balanço Da Canoa’ le Maga Bo, fuaim shícideileach an ghrúpa Afrai-leictreo, agus samba meidhreach Banda de Pifanos de Caruaru.
Laigí?
Mairfinn gan an ‘Baião Violossintético’ fánach de chuid Forro Red Light a chlos arís.
An breithiúnas?
Fiú agus é fíor go bhfuil dhá scoth-bhailiúchán de cheol Brasaíleach curtha le chéile ag DJ Cliffy ó thús an chéid, ní mór a admháil go bhfuil an ceol a roghnaíonn Cliffy go mór faoi chomaoin ag stíleanna Meiriceánacha mar snagcheol, func agus anamcheol.
Sa chomhthéacs sin tá fáilte mhór roimh fhuaim amh, agus go sainiúil Brasaíleach, Levanta Poeira.