Más mar athair baistí na fuaime teicneo íosta a bhain Robert Hood as Detroit cáil amach an chéad lá, siar i lár na 90í, is dá thogra gaspal-house, léirithe faoin ainm Floorplan, is mó a aithnítear inniu é.
Tá Hood tar éis a iníon Lyric, nach bhfuil ach ocht mbliana déag d’aois, a tharraingt isteach mar léiritheoir cúnta Victorious.
Ní dhéanann Lyric a meas ar fhuaim phreabach US garage Frankie Knuckles agus MK a cheilt. Sin an fáth a bhfuil rianta mar ‘Music’ agus ‘Mm Hm Hm’ níos scaoilte ná aon rud atá cloiste againn ó Floorplan go dtí seo.
Léirigh poirt mar ‘Never Grow Old’, atá go hiontach, ar albam début Floorplan (Paradise, 2013) nach bhfuil aon leisc ar Hood giota de sheancheirnín soul a lúbadh timpeall ar bhuille tréan teicneo.
Is trua, mar sin, gur ceirníní gaspal, den chuid is mó, in ionad ceol soul le leithéid Aretha Franklin atá roghnaithe mar ábhar samplála an babhta seo ag Hood.
Críostaí diaganta is ea Hood, agus níl aon íoróin i gceist leis an bhfeidhm mhíchuibheasach atá bainte aige as giotaí de Leabhar Gheineasas ar ‘The Heavens & The Earth’, ná leis an nglór a chloistear i mbun seanmóireachta ar ‘He Can Save You’.
Éiríonn níos fearr le Floorplan nuair a fhágtar cúrsaí spioradálta ag doras an tséipéil, ach fiú ansin tá léaslínte ceoil Floorplan teoranta.
Fiú má ghlactar leis gur albam don dioscmharcach seachas don éisteoir baile é Victorious, tá an-chuid den 11 rian róchosúil lena chéile.
Ní hamháin sin, ach tá blas leathchríochnaithe ar phoirt mar ‘Spin’, lena gcríoch tobann gan chúis.
Tá easpa samhlaíochta i gceist leis an úsáid iomarcach atá bainte ag Hood as giota den mhóramhrán dioscó ‘Lovin’ Is Really My Game’ le Brainstorm ar ‘Tell You No Lie’, port atá ar a laghad dhá nóiméad rófhada, pé rud é.
Ní éiríonn in aon chor leis an sampláil atá déanta acu ar ‘Keep On Jumpin’ le Musique ar ‘Sun In The Sky’ (aimsigh re-edit draíochtúil Eddie C ina ionad!), agus más fíormhealltach tech-funk fuinniúil ‘Mm Hm Hm’, is beag anseo atá ar aon chéim leis.
Saothar leibideach ar fearr é a sheachaint.