CEOL: Siansa, Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath / Dé Domhnaigh 26 Aibreán @ 19:30
Bhíos i láthair ag comórtas ceoil thraidisiúnta Ghael Linn, Siansa, le cúpla bliain anuas.
Beidh mé ar ais arís i mbliana agus mé ag dúil go mór leis. Is anocht, (Dé Domhnaigh) a bhaileoidh ocht ngrúpa ó iarbhunscoileanna na tíre le chéile le bheith san iomaíocht do dhuaischiste de €4,500.
Beidh deis acu ar fad taispeántas ceoil agus amhránaíochta a sholáthar don slua, a mhairfidh ar feadh tuairim is deich nóiméad.
Ní hamháin slua an Cheolárais, áit a mbeidh sé ar siúl, ach d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith a bheidh in ann éisteacht leis an bhféasta ceoil aon áit ar domhain, ó 7.30in am na hÉireann.
Fágfar an cinneadh deacair faoi na moltóirí ceolmhara – Mary Bergin, Dónal O’Connor agus Mark Kelly – is é sin, rangú a dhéanamh ón gcéad go dtí an tríú háit orthu siúd a bheidh páirteach.
Beidh Tristan Rosenstock ón chlár ‘Imeall’ i láthair chomh maith agus é i mbun taifeadta le haghaidh cláir speisialta ar Siansa a chraolfar ar TG4 Dé Céadaoin 6 Bealtaine.
Bígí ag faire amach dó!