Féasta ceoil na Gealaí fógartha


Tá clár den scoth fógartha ag an fhéile cheoil agus champála Ghaelach, Féile na Gealaí, a bheas ar siúl i mbliana idir an 16-18 Meitheamh.

Seo an dara bliain a bheidh an fhéile, a bhuaigh Féile na Bliana ag Gradaim Cheoil NÓS ar na mallaibh, á reáchtáil i Ráth Chairn, Co. na Mí.

I measc na sárcheoltóirí a fógraíodh an tseachtain seo, tá lMLÉ, Séamus Barra Ó Súilleabháin, an tAlbanach ildánach Griogair Labhruidh, Dysania, Scannal, Las, J.J Ó Dochartaigh, Diane Ní Channáin, Éamonn agus Micheal, Dó fá Dó agus Lauren Ní Chasaide.

Dúirt Hannah Rua Ní Bhaoill, duine de lucht eagraithe na féile, go bhfuil siad ag súil go meallfar níos mó daoine go Ráth Chairn an Meitheamh seo le bheith páirteach sa scléip.

“Tá an fhéile go mór i mbéal an phobail mar gheall ar Ghradaim NÓS agus tá muid iontach buíoch as an ardán sin,” ar sí.

“Ní raibh muid ag dúil leis ach cuireann muid fáilte mhór roimh an phoiblíocht agus tá muid ag súil go dtiocfaidh níos mó daoine dá bharr.”

Am iontach atá ann don nuacheol agus beidh a thrácht sin le cluintint ag Féile na Gealaí i mbliana, dar le Hannah.

“Tá éagsúlacht fhiánta againn anois ó thaobh an nuacheoil Gaeilge de le teacht chun cinn IMLÉ, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus a leithéidí eile.

“Chan amháin sin ach tá muid ag obair i gcomhpháirtíocht le ColmCille le hardán a thabhairt do cheol comhaimseartha na Gaidhlige agus tá áthas orainn go mbeidh an rapálaí agus píobaire Griogair Labhruidh ar cuairt chugainn as Albain.”

Tá mochóirí ar fáil anseo go dtí Lá Fhéile Pádraig do na héiníní luatha; €40 ar thicéad luath agus €25 ar thicéad lae.

Beidh tuilleadh bannaí, ceoltóirí agus imeachtaí le fógairt i Mí an Mhárta!

Féile na Gealaí abú!

SCÉALTA EILE