Féasta Flamenco

“Níl aon rud chomh sciliúil le giotáraí maith flamenco i saol an cheoil,” a d’fhógair mé don saol is mé ag titim amach doras an chlub flamenco La Madrugá i Sevilla le héirí na gréine maidin amháin.

Bhí aithne óil ar mo chuid cainte buíochas de rum na háite, is fíor, ach dearbhaíonn albam début Pa’ki Pa’kaRobert le Robert “Robi” Svärd nach raibh aon dul amú orm sa tuairim.

Sualannach é Svärd, ach tá an flamenco go smior i méara beannaithe an ghiotáraí seo.

Rud é seo a d’aithin Alfredo Tejada, amhránaí flamenco mór le rá , nuair a chonaic sé físeán de cheol uirlise Svärd ar leathanach Facebook an ghiotáraí cúpla bliain ó shin.

Níorbh fhada go raibh cuireadh faighte ag Svärd taisteal go Granada na Spáinne chun dul i mbun taifeadadh le Tejada agus laochra flamenco eile dá chuid, an cnagcheoltóir éirimiúil Miguel ‘El Cheyenne’ ina measc.

Tá éagsúlacht stíleanna flamenco le clos ar Pa’ki Pa’ka – ó buleirias-annaí misniúla go tango teann, rumba lúfar agus guijiras smaointeach – éagsúlacht a chinntíonn nach dtéann an saothar riamh chun leadráin.

Fiú is gan Spáinnis ar do thoil agat tá idir ghrá gan chéill agus thuirse cléibh le tuiscint ó amhránaíocht bhreá chreathánach Tejada ar phíosaí mar ‘El Aire De Mi Corazón’ agus ‘Lágrimas Secas’, ach ina slí féin tá píosaí uirlise Svärd chomh drámata céanna leis na hamhráin.

Ní haon díobháil é go bhfuil Svärd oilte ina ghiotáraí clasaiceach.

Tá riar maith scileanna i coitinne ag an dá stíl, gan amhras, agus feidhmíonn liriciúlacht chlasaiceach Svärd chun an srian a theannadh ar dhearg-teasíocht rithimiúil an cheoil flamenco.

Is dúchroíoch an té nach mbaineadh sásamh as an saothar suairc seo.

Anois, níl uainn ach cúpla lá gréine chun taitneamh ceart a bhaint as!

SCÉALTA EILE