An ‘funcaí’ mionbhus, na mílte gig, cóisirí craiceáilte, Manu Chao, The Whailers, trí albam, craic chúl stáitse… Labhraíonn Méabh Ní Thuathaláin le Bréag, an banna ceoil a chuir an Ghaeilge ar an ardán idirnáisiúnta agus a spreag na mílte chun damhsa thar thréimhse 20 bliain.
Lá breá samhraidh atá ann agus tá agallamh socraithe agam le príomhamhránaí Bréag Caoimhín Mac Giolla Chatháin, le fear an doird Nic Sadleir agus le príomhghiotáraí an ghrúpa Peadar O’Hanlon.
Seo croí an bhanna as Béal Feirste a bhfuil clú bainte amach acu mar gheall ar a meascán den reggae, ska agus ceol domhanda, le píosa trom-mhiotail agus punc caite isteach i bpota na Gaeilge chun fuaim leithleach a chothú.
Bhí meon ar leith riamh ag Bréag, meon nach bhfuil baint aige leis an airgead ach atá dírithe ar an cheol agus ar an chraic.
“Sílim go raibh fealsúnacht ann ón tús go raibh muid anseo don chraic,” arsa Nic. “Ní raibh muid ag iarraidh a bheith proifisiúnta, bhí muid ag iarraidh craic a bheith againn. Téann grúpaí eile síos an bóthar gairmiúil, déanann siad rudaí i mBéarla agus téann siad ar aghaidh sa saol ach chloígh muid leis an Ghaeilge, agus bhí craic den scoth againn.”
Roimh Bréag
Bhí Caoimhín, Peadar agus Nic ag seinm i mbannaí éagsúla ceoil i mBéal Feirste i bhfad sular tháinig Bréag ar an fhód. San am sin bhí dúil ag Caoimhín agus Peadar sa cheol trom-mhiotail agus rac. Punc rocker a bhí i Nic, dar leis féin, a d’imigh i dtreo an cheoil indie. “Tháinig an reggae ina dhiaidh seo uilig,” a mhíníonn Peadar.
D’fhás Caoimhín agus Peadar aníos le chéile ar Bhóthar Seoighe, nuacheantar Gaeltachta i iardheisceart Bhéal Feirste.
Sheinn siad beirt sa ghrúpa Vice Versa timpeall 1989 ach ba ar thuras chuig an Bhreatain Bheag leis an ghrúpa Rhiannan a thosaigh siad ag canadh agus ag cumadh amhrán i nGaeilge. Agus níor stad siad ó shin.
Sheinn Nic leis an ghrúpa The Donnelly Brothers, banna ceoil iomráiteach a bhí i gcomórtas le The Hot House Flowers le conradh a fháil ó Mother Records. Seans nach gá a rá go raibh an bua ag na Bláthanna – scair The Donnelly Brothers agus an deis caillte acu.
Breith an bhanna
Faoi 1993 bhí scaifte ceoltóirí ag obair i nGlór na nGael sa chathair, ag plé leis an cheol ar mhaithe le páistí Gaelscoile.
Idir mheon oscailte bhainisteoir na háite Diarmaid Breslin, agus dhíograis na gceoltóirí féin, is cosúil gur chaith siad roinnt mhaith ama istigh i nGlór na nGael, fiú ag an deireadh seachtaine. “Sibín beag a bhí ann ar bhealach agus b’iomaí oíche Shathairn a chaith muid istigh ann ag seinm ceoil,” arsa Nic. Ba é seo tús Bréag.
Bhí tionchar nach beag ag Diarmuid ar bhunú an ghrúpa mar b’eisean a chuir iallach orthu cur isteach ar chomórtas i nGaillimh, comórtas as ar tháinig a gcéad gigeanna.
Cosúil le Black Sabbath, grúpa a bhfuil ceithre scéal ann faoin dóigh a bhfuair siad a ainm, tá cúpla scéal ann faoin dóigh ar cuireadh ‘Bréag’ ar Bréag.
Scéal amháin ná gur ghlaoigh lucht eagraithe an chomórtais ar Ghlór na nGael ag lorg ainm don ghrúpa.
“D’fhiafraigh Diarmaid dúinn faoi cad é a ba cheart dó a rá agus dúirt mé leis ‘Inis Bréag’ mar nach raibh ainm againn. Agus b’shin a rinne sé,” arsa Caoimhín.
Chuir Bréag dhá amhrán i láthair ag an chomórtas i nGaillimh agus tharla sé go raibh Gearóid Ó Cairealláin, an gníomhaí teanga as Béal Feirste, ag déanamh moltóireachta ar an lá.
“Dúirt sé go raibh cúpla duine chun tosaigh orainn cheana féin agus mhol sé dúinn aghaidh a thabhairt ar an bhéar ‘saor’ thart an choirnéal. Rud a rinne muid,” a deir Nic. “Bhí ar a laghad £300 fágtha ar an bhéar do na ceoltóirí agus thosaigh muid ag déanamh poill ann. Bhí deochanna d’achan cinéal againn, deochanna bán dearga agus glasa fiú,” arsa Caoimhín.
“Bhí an tábla lán de gach cinéal Russian,” a chuimhníonn Nic.
Leanann Caoimhín, gáire ar a aghaidh, “Nuair a tháinig na grúpaí eile isteach ón chomórtas rinneadh fógra isteach sa mhic: We would like to apologies to the rest of the groups that only have one drink each. This is beause the Belfast boys drank up all the quota!”
Sin mar a thosaigh Bréag, agus is féidir a rá go bhfuil siad ag cur lena n-iomrá ó shin.
Conamara agus lucht Craiceáilte
Tá an nasc le Conamara thar a bheith tábhachtach do Bréag. Seans nach mbeidh an banna ann ar chor ar bith, dar le Caoimhín, gan an tacaíocht a fuair siad ó mhuintir Chonamara, go háirithe sna blianta tosaigh. Bíonn sé ag caint sa dóigh chéanna faoin cheangal atá ag Bréag le Rónán Mac Aodh Bhuí agus an Cabaret Craiceáilte sa lá atá inniu.
Ón tús bhí Bréag ag déanamh leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Thin Lizzy, The Horslips agus ag cur cruth nua ar sheán-amhráin.
Ag an am seo a tháinig an reggae isteach ina gcuid saothair, a bhuí le Gearóid Mac Lochlainn, atá anois ina fhile iomráireach. Bhí Gearóid, nó ‘Gerry’ mar a chuireann lucht Bréag air, ag obair i nGlór na nGael ag an staid sin agus cé nach raibh sé sa ghrúpa ag an tús bhí siad uilig ag plé leis an cheol.
“Ag an am sin, bhí Gerry iontach tógtha le Bob Marley agus lá amháin thosaigh muid ag méasáil thart le ‘Measc É Suas’. Sin an uair a tháinig Gerry isteach agus a d’oscail doirse an reggae dúinn,” arsa Nic.
Nuair a cuireadh tús le Bréag, ní raibh grúpa eile ar a mhacasamhail sa tír. Creideann Peadar go láidir go raibh pobal na Gaeilge sa tóir ar ghrúpa úrnua ar nós Bréag. Nuair a chuala daoine a gceol, d’éist siad.
An ‘Funcaí’ mionbhus, taifeadadh agus Manu Chao
Ní thiocfadh leat na hamantaí maithe a chur i gcló dar le Peadar ach is féidir linn iad a shamhlú.
Seisear fear ag dul ar bord an ‘funcaí mionbus’, ag taisteal ar fud na tíre, uirlisí sa bhúit agus iad réidh fá choinne cibé cóisir. Dhiúiltaigh níos mó na duine amháin dul ar bord an funcaí mionbhus, i ndiaidh gur bhuail an boladh breán iad – meascán de bheoir, toit agus eile.
Ba ar thuras coicíse i nGaillimh i 1995 a d’eascair an chéad albam Jah sa Jungal.
“Bhí muid amuigh ar an tsráid agus chuala muid ‘doo doo do dee de doo’ (fuaim an trumpa) ag teacht ón chaolsráid,” arsa Caoimhín. “Shiúil muid a fhad leis an bhean óg agus dúirt muid ‘You’re class… tá gig againn níos moille. Ar mhaith leat seinm linn?’ Tháinig sí go Béal Feirste agus rinne sí an t-albam a thaifeadadh linn. Misha Langamere, bean as an Ísiltír, ní fhaca muid ó shin í.”
Ábhar bróid atá in Jah sa Jungal. Scoth albaim atá ann, taifead d’ardchaighdeán d’ocht n-amhrán a chum siad féin.
Tháinig go leor gigeanna móra chun cinn an bhliain sin ach níl aon amhras gurbh í an cheolchoirm a rinne siad le Mano Negra – nó Manu Chao mar a thugtar air anois – i 1995, an gig is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an ghrúpa.
“Chonaic muid iad ar stáitse agus dúirt muid le chéile: ‘Seo mar a dhéantar é, seo an rud a ba cheart dúinn a bheith ag déanamh’,” arsa Peadar. “D’athraigh achan rud nuair a sheinn muid le Manu Chao, chaith muid ‘Níl Sé ina Lá’ agus ‘Nóra Bheag’ san aer agus thosaigh muid ag scríobh na n-amhrán don dara halbam, Gan Jah.”
Sular eisíodh an saothar sin bhí gig eile ann a sheasann amach do na leaids go fóill. Springhill Ghlaschú 1996, nuair a bhris maindilín Chaoimhín agus a ghoid Peadar geansaí Celtic ó phríomh-amhránaí The Pogues.
“Chaith duine éigin sa slua geansaí celtic ar Shane McGowan agus bhí mé féin ag lorg momento beag. Sciob mé an geansaí agus chuir mé i mo chás giotair é,” a deir Peadar. “Bhí sé chomh f***áilte sin gur shíl mé nach mbeadh aon chuimhne aige air ach nuair a tháinig sé isteach sa seomra glas, chuaigh sé ar mire.”
Níorbh fhada go raibh achan bhall den ghrúpa sa tóir ar an gheansaí Celtic. “Chonaic Gerry an rud uilig, ní raibh sé sásta faoi,” arsa Peadar le gáire mór.
Faoin am gur tháinig Gan Jah amach i 1997, bhí fuaim éagsúil ag Bréag, bhí siad níos snasta mar ghrúpa.
“Thóg muid céim mhór chun tosaigh cinnte sa dhá bhliain sin. Bhí muid ag smaointiú faoi cad é a bhí ar siúl againn. Chothaigh muid fuaim mhór le horns, chello agus percussion agus faoin am sin tháinig Andy Whitson isteach sa ghrúpa.”
Fuair Bréag conradh leis an dara halbam a dhéanamh le Outlet Records, nó ‘ripoff records’ mar a thugann Nic orthu, an lipéad céanna a raibh na Horslips air. Ní bhfuair Bréag pingin as na ceirníní a dhíol Outlet Records, agus bhí ceirníní á ndíol ar líne sna Stáit Aontaithe agus timpeall an domhain.
“Ní raibh orainn íoc as an taifeadadh. Ba chuma, bhí muid chomh tógtha leis an chonradh a fháil sa chéad áit,” arsa Caoimhín.
Titim amach i dTír na mBascach agus tuilleamh gigeanna
Cosúil leis na bannaí is fearr is dócha, bhí ‘bust up mór’ ag Bréag.
An bhliain chéanna a seoladh Gan Jah, chuaigh Bréag ar thuras go Tír na mBascach, turas a scair an grúpa ina dhá chuid agus a d’fhág ‘eilifint sa seomra’ ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh.
Tógadh bata agus bóthar do Nic ar feadh tamaill mar nach raibh sé sásta dul ar camchuairt – “ní raibh sé eagraithe mar is ceart” dar leis – agus theip ar roinnt gigeanna sular thit achan duine amach le chéile.
“Scair sé an grúpa go pointe,” arsa Caoimhín. “Níor imigh muid go hiomlán ach bhí teannas fágtha i ndiaidh an turais sin ar feadh na mblianta ina dhiaidh, go háirithe idir mé féin agus Gearóid. Thit muid amach go mór. Níl a fhios agam cén dóigh ar éirigh linn athmhuintearas a dhéanamh ach thóg sé cuid mhaith ama orainn.”
Fiú i ndiaidh an turais sin go Euskal Herria áfach níor stad Bréag riamh de bheith ag déanamh gigeanna agus leis an dara halbam tháinig tuilleamh gigeanna, agus níos mó.
B’iomaí taifeadadh a rinne siad le RTÉ, BBC agus TG4 agus ba mhinic iad ag dul thar fóir sa seomra glas. Sheinn siad ag féilte ceoil sa bhaile agus thar lear agus lean siad ag gigeáil ar fud na tíre.
Oíche chiúin i dtí Mhadden, teach tábhairne i mBéal Feirste, chas Caoimhín ar Natty Wailer, fear an mhéarchláir ón ghrúpa The Wailers.Tháinig seisean ar bord agus i 2004 sheol siad an tríú albam ‘An Peaca’.
Lean tuilleadh gigeanna, amantaí maithe, cóisirí craiceáilte le Rónán Mac Aodh Bhuí, féilte agus an iliomad scéaltaí nach leor leathanaigh ar fad na hirise seo lena n-insint.
Amach romhainn?
“An todhchaí…? Sin an cineál ceiste a chuireann tú ar ghrúpaí níos óige ná muidne,” arsa Nic.
Is spreagadh é ceiliúradh 20 bliain do Bréag albam eile a dhéanamh. Tá roinnt gigeanna eagraithe mar chuid den bhliain chéiliúrtha agus bhí mórchoirm chomórtha acu sa Chultúrlann i mBéal Feirste, áit ar bhailigh na baill shinsireacha le chéile don chéad uair i mbliana.
Ní fios an mbeidh siad ar fad ar ardán le chéile do na ceolchoirmeacha amach romhainn ach tá rud amháin éigin cinnte: má tá gigeanna ar fáil, má tá an Cabaret Craiceáilte ar siúl, má tá spraoi le bheith ann, ansin beidh Bréag ag iarraidh bheith i lár báire.
Agus is dócha go bhfuil sé sin ar na gnéithe is tábhtachtaí den oidhreacht atá cruthaithe acu go dtí seo: mar aon lena sár-amhráin a chuireann na cosa ag bogadh, chuir siad diabhlaíocht, idirnáisiúnachas agus beocht ar leith isteach i gceol na Gaeilge.
Gur fada buan a gcuid Bréag.