Fíneáltacht ghlioscarnach ag baint le saothar Bonobo

Cad é seo, go díreach? 

Obair dheaslámhach ó Bonobo agusé ag cur tús le sraith úr dj-mheascáin ar cheirníní Fabric Londain, Fabric Presents. 

D’fhógair Fabric anuraidh go mbeadh deireadh á chur acu leis an dá shraith íocónacha dj-mheascáin Fabric agus FABRICLIVE, a bunaíodh sa bhliain 2001, “sa chruth a bhí orthu go dtí seo”

Is iarracht é formáid na sraithe nua seo Fabric Presents, mar tháirge fisiciúil, chun dul i ngleic leis an laghdú atá ar dhíol na dj-meascán oifigiúil de bharr thionchar na seirbhísí sruthaithe ceoil ar líne. 

Ní hamháin go bhfuil leagan digiteach den dj-mheascán féin san áireamh leis an bpacáiste fisiciúil ach tá leagan glan iomlán digiteach de gach rian a roghnaíonn DJ ar leith do mheascán chomh maith. 

I gcás rogha Bonobo tá rianta nár eisíodh cheana le clos ó leithéid Throwing Snow, Dan Kye, Dark Sky, Poté, Durante agus an fear é féin.

An bhfuil aon mhaith ann? 

Roghnaíonn Bonobo taobh geal na sráide agus a bhealach á dhéanamh go sciliúil aige trí 74 nóiméad d’fhuaimeanna house, teicneó agus dordcheol leictreonach. 

Níl aon amhras ach go bhfuil a léirithe séiseacha sobhlasta féin mar thúsphointe aeistéitiúil ag Bonobo don mheascán. Tá ceithre cinn le clos agus an ‘Boston Common’ meidhreach ina phléisiúr ceart.  

Tá an fíneáltacht ghlioscarnach céanna ag baint le port anseo de chuid léiritheoirí eile leithéidí Dark Sky & Afriquoi (‘Cold Harbour’), Alex Kassian (‘Hidden Tropics’) agus Durante (‘Maia’). 

Tagann borradh ar fhuinneamh an mheascáin nuair a buailtear rithimí batucada agus dord riastartha ‘TKOTN’ de chuid O’Flynn chugat leath slí tríd.

Is glic, ansin, mar a bhaineann Bonobo feidhm as an ‘By Your Side’ preabach funcaíáilte de chuid Will Saul chun sinn a theilgeadh ó  fhuaim dhomhain dhord-house ‘TSHA’ le Sacred i dtreo dioscó-house spéiriúil  ‘Buzzed Walk’ de chuid Tite Nots – port atá tógtha as na heilimintí céanna is a bhfuil an ‘New For U’ síorghlas de chuid Andrés Detroit.

Tar éis an ‘Focus’ anamúil de chuid Dan Kye agus athmheascán nathrach teic-house Laurent Garnier de ‘Mirapolis’ le Rone díríonn Bonobo ar rogha iontach de rianta lán dorda agus buillí briste ó leithéidí Throwing Snow (‘Rheged’), Nepa Allstar (‘The Way’) agus Earthtrax & Newborn Jr (‘If You’) a bhfuil idir sholas agus scáth ag baint leis. 

As sin cuireann seoid mhilis os na 90í de chuid John Beltran, ‘Collage Of Dreams’, clabhsúr slachtmhar le cúrsaí.

Laigí? 

Róbhéasach d’éisteoirí áirithe, seans? Caveat emptor, a chara; ní mór an tsrathair a chur ar an gcapall ceart.

An breithiúnas?  

Tús maith, a mhionsimpeansaí macánta, ní leamh an obair.

SCÉALTA EILE