Chris Greene, Miriam O’Callaghan, Fiachna Ó Braonáin, Clare Cullen, Stiofán Ó Fearail… sin díreach cuid de na daoine aitheanta atá ag súil go mór le Gradaim Cheoil NÓS 2017.
Tá na pearsana sin, agus eile (féach thíos), tar éis bheith ag éisteacht leis na hamhráin atá san iomaíocht sa rannóg ‘Amhrán na Bliana’ agus tá físeán speisialta an duine taifeadta acu ina labhraíonn siad faoi na rianta éagsúla.
Go dtí seo tá físeán leis na láithreoirí Chris Greene agus Miriam O’Callaghan curtha ar líne agus foilseofar na cinn eile gach lá idir seo agus oíche na nGradam féin, a bheas ar siúl sa Sugar Club, BÁC, Dé hAoine 20 Eanáir.
Is comhobair iad na físeáin idir NÓS agus an comhlacht léiriúcháin Macalla a rinne scannánaíocht leis na haíonna ina stiúideonna i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.
I measc na ndaoine eile a bheas le feiceáil ar na físeáin tá Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ RnaG), Niamh Ní Chróinín (Rí-Rá / Spin), John Sharpson (Facts), Niamh Ní Chadhla (Gaelchultúr), an fear grinn Martin Angolo, an ceoltóir Inni-K agus láithreoirí Raidió na Life Peadar Ó Caomhánaigh, Ailbhe Ní Riain agus Aonghus Ó Lochlainn.
Seo an dara bliain gur reáchtáil NÓS Gradaim Cheoil chun aitheantas a thabhairt don nuacheol Gaeilge agus tá aischothú an-dearfach á fháil ag an choincheap, ní hamháin i measc phobal na Gaeilge ach sa mhórphobal chomh maith.
Coinnigh súil amach le haghaidh na bhfíseán eile sa tseachtain amach romhainn agus bí linn sa Sugar Club Dé hAoine seo chugainn!