Tá an dara fÃseán ceoil seolta ag an bhanna Réalta óna n-albam nua Clear Skies.Â
Taifeadadh an fÃseán, an chéad rian ar an albam nua, ar Lá na Bealtaine i séipéal álainn Redeemer Central ar Shráid Dhún na nGall, Béal Feirste, an chathair ina bhfuil Réalta lonnaithe.
‘Saltón De Meres – Pascáis de Xarreru’ is teideal don seit atá á chasadh ag an bhuÃon óg iontach seo, a fuair siad ón cheoltóir Mickey McCluskey as Co. an Dúin.
Tiúineanna as an Astúir ar fad atá sa chéad rian, tÃr Cheilteach i dtuaisceart stát na Spáinne a bhfuil saibhreas ceoil iontach inti, agus is comhartha é ar an éagsúlacht fonn agus amhrán atá le cluintint ar an bhailiúchán trà chéile.
Albam álainn é Clear Skies a seoladh le déanaà a bhfuil meascán d’fhoinn mhalla, rÃleanna, poirt agus tiúineanna eile nach iad le cloisteáil air, mar aon le hamhráin i mBéarla agus i nGaeilge.
Tá fuaim láidir bhrÃomhar ag Réalta agus é forbartha óna gcéad eisiúint leo Open the Door for Three, a seoladh in 2012.
Triúr a bhà sa bhanna an t-am sin, an bheirt phÃobairà Conor Lamb agus Aaron O’Hagan, atá chomh cumasach céanna ar an fheadóg Ãseal, agus Deirdre Galway ar an ghiotár.
Anois tá Dermot Moynagh tagtha isteach ina dteannta ar an bhodhrán, chomh maith le Diarmuid Mulholland, as Machaire FÃolta ó dhúchas, a chanann agus a sheinneann an basúcaà agus an t-olldord.
Tá harmóin áille á gcruthú aige féin agus Deirdre sna hamhráin, mar atá thÃos sa ‘Longford Weaver’, an dara rian ar Clear Skies, a taifeadadh i dteach tábhairne Dirty Onion i mBéal Feirste.
Tá stÃl nádúrtha réchúiseach á cur chun cinn i bhfÃseáin Réalta ón chéad lá, a léirÃonn an oiread suilt a bhaineann siad as a bheith ag seinm le chéile.
Ceol é a thabharfadh ardú meanman duit lá ar bith den tseachtain agus a chuirfidh fuinneamh sa bhreis sna coiscéimeanna an Satharn seo!
Beidh Réalta ag seinm sa Rabbit Room, i mBeannchar, Co. an Dúin ar an 23 Iúil.  Tuilleadh eolais anseo.Â