FÍSEÁIN: ‘Cailín na Gaillimhe’ & Delorentos ag Ravelóid sa Chathair


Bhain na céadta Gael súp mór as Ravelóid sa Chathair i mBaile Átha Cliath le 3 oíche lán ceoil agus spraoi thar an deireadh seachtaine.

“Lá eipiciúil” a bhí ann ar an Satharn le bannaí agus ceoltóirí i mbun aiscin ar ardán Chlub an Chonartha ó 2in ar aghaidh go dtí an mhaidin mhoch.

Chuir muintir an Chlub beár breise isteach chun freastal ar na Ravelóidithe a phlódaigh an áit ina sluaite agus a bhí tógtha ach go háirithe le Delorentos (thíos) agus Dysania a chuir críoch spleodrach leis an fhéile.

An oíche roimhe sa Sugar Club bhí níos mó 400 duine i láthair chun The Bonny Men, Rís, Kíla, Mundy agus Seo Linn a fheiceáil i mbun ceoil.

Anseo ag barr an leathanaigh tá físeán den uair ar léim buachaillí Seo Linn ar stáitse – díreach sula bhfuair siad eitleán amach chun na Fraince le seinm le linn Euro 16 – chun cuidiú le fear Uíbh Fhailí ar ‘Cailín na Gaillimhe’.

Beidh grianghrafanna de Ravelóid sa Chathair againn daoibh go luath.

feile-gealai

Ar a bharr sin ar ndóigh bhailigh an-slua le chéile i Ráth Chairn Glas na Mí Dé hAoine agus Dé Sathairn, áit a raibh Féile na Gealaí á reáchtáil den chéad uair (thuas).

Chruthaigh na campálaithe sona atmaisféar den scoth agus chuir leithéidí Boss Sound Manifesto, For Forestors, JJ Ó Dochartaigh, Éanna Ó Cróinín agus Band Ráth Chairn siamsa ar fáil go maidin.

Na Gaeil abú!

SCÉALTA EILE