Físeán Gaeilge de ‘Fisherman’s Blues’


Tá físeán dá leagan Gaeilge d’amhrán clúiteach The Waterboys, ‘Fisherman’s Blues’, eisithe ag Seo Linn in ómós do Chonallach fir a spreag an t-aistriúchán.

Is ar chósta iardheisceart Dhún na nGall a scannánaíodh an físeán taitneamhach agus ‘An tIascaire’ atá baiste ar an rian féin.

Dhá bhliain ó shin tháinig comhlacht sna Cealla Beaga i dteagmháil le Seo Linn ag iarraidh orthu singil carthanachta a thaifeadadh ar son an RNLI.

Bhí sé i gceist ag Martin Howley ón ghnólacht Swan Net Gundry go ndéanfadh an banna aistriúchán ar amhrán mór aitheanta, mar aon le físeán chun dul leis.

D’éirigh leis an togra €10,000 a mhealladh ar son na mbád tarrthála ach ar an drochuair fuair Martin bás le hailse cothrom an ama seo anuraidh.

Cé gur thaifead siad an físeán ag an am níor eisigh Seo Linn é go dtí inné, mar ómós do Martin féin, agus mar is dual dá gcuid físeán tá ‘An tIascaire’ cheana féin ag tarraingt aird an phobail ar na meáin shóisialta.

Cúpla seachtain mhór a bhí ann do Seo Linn tar éis gur fhógair beirt ón ghrúpa, an drumadóir Conor Moore agus an dordóir Cathal Ó Ruaidh, go raibh siad ag fágáil chun tabhairt faoi thionscadail eile.

Ansin chuaigh an banna ar fad ar ais go Coláiste Lurgan, an áit ar thosaigh a dturas ceoil le chéile, chun gig speisialta a dhéanamh ag an choláiste samhraidh in Indreabhán.

SCÉALTA EILE