Físeán nua ceoil ó IMLÉ agus Róisín Seoighe dá n-amhrán ‘Do Chuid Jíons’

Tá físeán nua ceoil eisithe inniu ag an mbanna ceoil IMLÉ dá n-amhrán nua ‘Do Chuid Jíons’. Bhí an t-amhránaí óg Gaeltachta Róisín Seoighe, as Conamara, ina aoi-cheoltóir ar an traic nua a eisíodh cúpla seachtain ó shin.

Tá an dara halbam taifeadta ag IMLÉ, a bhfuil go leor gradam bainte amach acu, anois agus seo é an chéad singil ón albam nua sin. Eisíodh an t-amhrán le linn na dianghlasála, agus ba le linn na tréimhse deacra sin a taifeadadh an físeán nua ceoil freisin. D’iarr an banna ceoil ar a lucht leanúna “scannánaíocht a dhéanamh ar pé slí a spreag an t-amhrán iad”, agus úsáideadh cuid den ábhar sin sa bhfíseán.

“Tá taispeántas cumasach ón t-amhránaí Roísín Seoighe le cloisteáil air. Is ceiliúradh é Do Chuid Jeans ar na gnáth rudaí beaga, an gnáthshaol agus an deis álainn é a roinnt le duine. Déanann an t-amhrán iarracht buíochas ó chroí a chur in iúl agus an tábhacht atá le grá a léiriú,” a dúirt Cian Mac Cárthaigh ó IMLÉ.

SCÉALTA EILE