FÍSEÁN: ‘Ceol na Sióg’ foilsithe ag Gráinne Holland

Tá leabhar agus dlúthdhiosca foilsithe ag An tSnáthaid Mhór darb ainm Ceol na Sióg cnúsach d’amhráin a chum Gráinne Holland an tí seo faoin domhan nádúrtha. Maoinithe ag Chomairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, tá an leabhar maisithe ag Andrew Whitson (Mr Ando) agus is Seán Óg Graham a léirigh na hamhráin. Tá Brian Finnegan agus Niamh Dunne mar aoícheoltóirí ar an albam chomh maith. 

‘Scríobh mé na hamhráin seo agus mo pháistí féin ar intinn agam. Tá siad ag foghlaim fán domhan thart orthu agus tá draíocht ag baint leis sin. Creidimid i dteaghlach s’againne go bhfuil rian na sióg le feiceáil i ngach áit inár dtimpeallacht nádúrtha. Bhí sé ar fheabhas ar fad a bheith ábalta comhoibriú leis an tSnáthaid Mhór mar cuireann siad ábhar iontach ar ardchaighdeán ar fáil i gcónaí agus tá mo chroí istigh in ealaín Andrew Whitson,” a dúirt Gráinne.

Ceol na Sióg ar fáil anseo.

SCÉALTA EILE