Focal sa Factory!
Imeacht mór SnaG!

Aon duine a bhí i láthair ag Puball Gaeilge Electric Picnic i mbliana, beidh taithí acu ar an spraoi iontach a bhí le fáil ann agus leanfaidh an saghas céanna spleodair ar aghaidh Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair nuair a bheas mórócáid eile ar siúl sa Button Factory i mBarra an Teampaill, BÁC.

I measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán ag Focal sa Factory beidh cuid acu sin a bhí le cloisteáil ag an Phicnic, mar atá Fiach, Ophelia, Bubba Shakespeare agus Enda Reilly.

Eagraithe ag Seachtain na Gaeilge agus Club Sonas, beidh Grúpa Tí Sonas ag casadh don chéilí mór agus beidh Sibéal Davitt, Darach Mac Mathúna, Cormac Murphy agus Mairéad Hurley ag cur an Sexy Sean Nós i láthair.

Athróidh an ceol go hiomlán ansin nuair a sheinnfidh DJ de chuid Raidió na Life, Stephanie Nic Aonghusa, na hamhráin is cailiúla le fonn!

Tá ticéid ar fáil tríd an choras Pay Pal ar www.clubsonas.com, áit a bhfuil físeáin agus tuilleadh eolais mar gheall ar aíonna na hoíche.

Is féidir iad a cheannach chomh maith ó Chonradh na Gaeilge, BÁC, agus ón Button Factory ar an oíche.

Osclaíonn na doirse ar 8in agus tá €10 ar an doras nó €7 do mhic léinn.