Folk’n Ceol

Idir Bob Dylan, Sam Henry, Neilí Ní Dhomhnaill, Seán Maguire, Andy Irvine, Mhairéad Ní Mhaonaigh agus Cara Dillon.. tá sraith úrnua ‘Folk Aduaidh’ á craoladh ón Domhnach beag seo ar aghaidh ar BBC 2 a léiríonn stair an daoncheoil i gCúige Uladh.


Clár faisnéise faoin traidisiún amhránaíochta agus ceoil i gCúige Uladh é Folk Aduaidh, a léiríonn cúlra sóisialta, polaitiúil agus cultúrtha na linne.

Rianaíonn na trí chlár uair an chloig scéal an cheoil ó thuaidh ó aimsir Edward Bunting mall sna 1700í, go dtí na bailiúcháin mhóra amhrán a rinne Sam Henry, Lorcán Ó Muirí agus Éinrí Ó Muirgheasa sna 1920í, go tús ghluaiseacht na gCearta Sibhialta sna 1960í.

Ó cheantar Oirialla a bhí mar thearmann d’fhilí na 18ú haoise, leantar scéal an cheoil fríd na cianta go dtí an lá inniu.

“Ba iontach an rud é sraith mhór mar seo a dhéanamh a dhíríonn ar cheoltóirí agus amhránaithe Chúige Uladh. Is ceoltóirí iad an fhoireann ar fad atá ag obair le Sonas agus tá paisean ar leith acu don cheol,” arsa stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe Méabh O’Hare, ar bunaitheoir Sonas Productions í.

“Chaith muid míonna an gheimhridh ag obair ar an tsraith seo ag bualadh le seanchairde agus cairde nua ag dul siar bóithrín smaointe cheol agus amhráin Uladh. Ba iontach an t-eispéireas ar fad é.”

Skara Brae, séipéalAg tosú le Féile na gCruitirí, féachann clár a haon siar ar an cheol a mhair i measc na n-uaisle sa seanchóras Gaelach, agus leanann sé oidhreacht na mbailitheoirí móra ceoil de chuid an 20ú haois a tháinig i ndiaidh Bunting.

Mhair an traidisiún amhránaíochta ó thuaidh i mbéal laochra ceoil an chúige, amhail Paddy Tunney, Sarah Makem, Neilí Ní Dhomhnaill, Geordie Hanna agus Sarah Ann O’Neill, chomh maith le maistrí an cheoil thraidisiúnta amhail Seán Maguire.

Ba bhunchloch iad na ceoltóirí seo don athbheochan cheoil a tharla i dtuaisceart na tíre le linn na 1960í.

Sa chéad chlár, taispeántar ábhar cartlainne le ceannródaí i ngluaiseacht an daoncheoil i Meiriceá, Pete Seeger, agus é ar cuairt in Éirinn.

Cluintear ceol agus caint ó Andy Irvine, Len Graham, Joe Burke, Nigel and Diane Boulier, Pádraigín Ní Uallacháin, Dominic Mac Giolla Bhríde, Lillis Ó Laoire, Stéphanie Makem agus Dónal O’Connor.

Ar na daoine eile atá páirteach sa tsraith seo tá The Boys of the Lough, The Sands Family, Maighréad Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Máiread Ní Mhaonaigh, Len Graham, Neil Martin, Cara Dillon, Niall Hanna, Barry Kerr, Barry Douglas, Cara Dillon, Tiarnán Ó Duinnchinn, Brian Finnegan, Niall Vallely, Flook, The Ollam agus Neil Martin.

Díreofar ar an tréimhse chorraithe le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí sa dara clár, tréimhse ar minic í bheith luaite leis na trioblóidí ach atá aitheanta in Ultaibh mar ré órga na n-amhrán traidisiúnta.

Leanann cuid a trí scéal cheol an tuaiscirt ó na 1990í, am a dtáinig borradh ar bhannaí ceoil traidisiúnta amhail Altan, Déanta, Tamalin, Lá Lugh, At First Light agus Flook suas go dtí an lá inniu.


Pictiúir: Andy Irvine © Jim Maginn www.jimmaginn.com agus Skara Brae © Gael Linn

SCÉALTA EILE