“In a world of mouths”, a chanann Jens Lekman ar chéad-amhrán a 4ú halbam, “I just want to be an ear.”
Bréagnú ar an ráiteas úd é an chuid eile de Life Will See You Now: is breá le Lekman bheith ag cur síos ar a shaol féin. Ach cén dochar é, agus bua neamhchoitianta ag an Sualannach amhráin thochtmhara a cheol faoin méid a thiteann amach?
Amhráin lán de ghreann glic a chuireann fonn goil agus gáire ort ag an am céanna.
Tugann amhráin Life Will See You Now go tuisceanach faoi théamaí ar nós; an grá láidir Platónach a mhaireann idir fir nach luaitear riamh lena chéile (‘How Can I Tell Him’); fealsúnacht an eiseachais (‘To Know Your Mission’) agus cumha don ngrá nár mhair (‘Perfume’).
Ceoltóir ag saothrú ar a shon féin?
B’fhéidir, ach an raibh amhráin Lekman riamh chomh cumhachtach is atáid ar Life Will See You Now, agus an léiritheoir sciliúil Ewan Pearson (M83, Chemical Brothers, Goldfrapp) tofa ag Lekman chun feoil ar chur ar bhunsmaointe.
Fiú i gcás amhrán mar ‘Evening Prayer’, cur síos ar bhearna dhébhríoch a fhásann idir Lekman is cara dá chuid agus ailse ar a chara, beidh tú ag rince le ceol Pearson sula dtabharfaidh tú téama an amhráin faoi deara.
Thar dheich n-amhrán tugtar faoi stíleanna idir dhioscó (‘How We Met, Long Version’), calypso (pop foirfe ‘What’s That Perfume You Wear’), bossa nova (‘Dandelion Seed’) agus samba (‘Our First Fight’). Shamhlófá Belle And Sebastian sa stiúideo le Paul Simon i ré Gracelands le fuaim shuairc idirnáisiúnta ‘Wedding In Finistere’.
Ní éiríonn le gach rud anseo, ach do gach urchar amú, ar nós tropical house leamh ‘Our First Fight’, buaileann Lekman agus Pearson súil na sprice faoi dhó lena leithéidí amhrán ‘Postcard #17’ agus ‘Wedding In Finistere’.
Beidh Jens Lekman ag casadh beo i Whelan’s, Baile Átha Cliath, ar 28 Márta.