‘Foscail do bhéal, do theanga, do chroí’ – amhrán nua pop ar son na Gàidhlig le heisiúint anocht

Eiseofar amhrán nua Gàidhlig – ‘Bruidhinn’ – leis an amhránaí Marcas Mac an Tuairneir ag 20.00 anocht, mar chuid den cheiliúrfar a dhéanfar ar ‘Burns Nicht’ an tseachtain seo chugainn. 

Beidh fáil ar an amhrán nua ar na hardáin cheoil ón 25 Eanáir, Burns Nicht féin, ach beidh deis ag an bpobal an físeán ceoil a rinneadh dó a fheiceáil ar YouTube anocht. Choimisiúnaigh ‘Ceòl is Craic’, eagras a chuireann an cultúr Gaelach chun cinn in Albain, an t-amhrán do choirm Nollag a bhí acu an mhí seo caite. Rinne an Breatnach Rod Thomas (nó Bright Light Bright Light mar is fearr aithne air), atá ina chónaí in Manhattan, athmheascadh ar an amhrán don eisiúint nua seo anocht. 

Is cuma liom faoin gcac a scríobhtar ar na páipéir’ a chanann Marcas sa chéad líne den amhrán, amhrán a scríobh sé mar fhreagra ar an “ionsaí síoraí agus imeallú” a dhéantar ar chainteoirí Gàidhlig agus cainteoirí teangacha eile mionlaithe sna meáin in Albain. 

“Léirítear sa chlúdach ar na meáin le déanaí go dtéann an chlaontacht seo agus an fuath ban agus fadhbanna eile le chéile, mar a chonaic muid i gcás an fhile Lennie Pennie agus an amhránaí Iona Fyfe. Tugtar aghaidh san amhrán seo ar an éitheach agus na tróip a fheictear arís agus arís eile ar na meáin faoin nGaeilge agus teangacha eile sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Is gairm chatha é do chainteoirí na dteangacha sin sa Bhreatain agus in Éirinn a bheith bródúil as a dteanga agus a gcultúr agus coinneáil orthu á labhairt,” a dúirt Marcas. 

Dúirt sé go raibh an dianghlasáil, atá i bhfeidhm in Albain chomh fada céanna is atá sí in Éirinn, an-chrua air ach gur eascair tréimhse chruthaitheachta as an aonrú agus an teannas go léir. 

Tá ionadaithe ó phobail éagsúla teanga na náisiún Ceilteach le feiceáil san fhíseán nua a eiseofar anocht. Sam Ó Fearraigh agus Riocárd Ó hOddáil na hÉireann gualainn ar gualainn (fhíorúil) le Custal y Lewn Mhanann, Rod Thomas na Breataine Bige, Lowenna Hosken Chorn na Breataine, agus na hAlbanaigh Dolina MacLennan, Ruairidh Graham, Fiona J MacKenzie, Lennie Pennie, Iona Fyfe, Billy Kay agus Steve Byrne. 

“Is Cuma cén teanga atá i gceist, ar go leor bealaí, bíonn na gearáin gan chéill faoi airgead na gcáiníocóirí, na comharthaí bóthair agus araile, bíonn siad ann gach uair a bhíonn gach ceann de na teangacha seo á phlé sna meáin. Tugtar an t-ainm ceart, ‘butarrais’ (seafóid), ar an gcaint sin uile san amhrán,” a dúirt Marcas. 

Beidh an t-amhrán ar fáil le ceannach Dé Luain agus cuirfear an t-airgead i dtreo an charthanais CHAS, carthanas Albanach a thacaíonn le páistí atá in ospísí na tíre.  

SCÉALTA EILE