From Kinshasa
Mbongwana Star


Núicléas an ghrúpa Mbongwana Star iad Théo Nzonza Nsutuvuidi agus Coco Yakala Ngambali, beirt ceoltóirí paraipléigeacha a bhí ina mbaill bhunaidh den ngrúpa soukous Congólach Staff Benda Bilili.

Grúpa ceoltóirí gan dídean ab ea Staff Benda Bilili ar dtús, bhídís le clos ag buscáil gar don zú i Kinshasa, príomhchathair Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Ach méadaíonn airgead achrann, is cé gur chaith Staff Benda Bilili tréimhse sé bliana beo bocht ag casadh ar thaobh na sráideanna, bhí scaradh gairgeach i ndán don ngrúpa níos lú ná ceithre bliana tar éis dóibh conradh a shíniú le ceirníní Crammed na Beilge.

Níl an chuma ar an scéal go bhfuil sé d’acmhainn ama ag Coco agus Theo a gcuid laethanta a chur amú i mbun gearáin (táid sna seascaidí agus sna caogaidí faoi seach), is níor thóg sé i bhfad orthu banna ceoil atá i bhfad níos spéisiúla ná Staff Benda Bilili a thógáint as iarsma an ghrúpa úd.

Cúis amháin leis an léim mhór chun tosaigh ná an oiread fola nua a bhfuil le clos ar From Kinshasa, idir an giotáraí/amhránaí R9 (chuirfeadh glór a ghiotáir Slash Guns ‘n’ Roses i gcuimhne duit uaireanta), an drumadóir Randy Makana Kalambayi agus an MC aigeantach Sage.

MbongwanaStar-Coco-Theo-R9-Liam-Sage-Randy

Cúis níos tábhachtaí, mheasfá, ná ról Doctor L (Liam Farrell), léiritheoir Éireannach Páras-lonnaithe (agus dord-ghiotáraí Mbongwana Star) a bhfuil clú bainte amach aige dá chuid léirithe i dteannta iar-dhrumadóir Fela Kuti, Tony Allen.

Thug Farrell téipeanna stiúideo From Kinshasa abhaile leis go Páras, agus ina iarracht chun béim a leagadh ar groove uirlise Mbongwana Star fuair sé réidh le 70% dá raibh taifeadta ag an ngrúpa – amhránaíocht iomarcach ach go háirithe.

An méid sin déanta bhí sé in ann a rogha éifeachtaí fuaime agus deannach draíochta stiúideo a scaipeadh thar na taifidí gan aon bhaol go gcaillfí bun-spiorad an cheoil.

An toradh ná ceol a bhfuil ag athrú de shíor, le gach ath-éisteacht agus laistigh dos na poirt féin.

Cleamhnas idir anord shráideanna Kinshasa agus ord frithbhuailteach an func.

Tá feidhm iontach bainte ag Farrell as saobhadh fuaime chun fuinneamh an cheoil a mhéadú i gcás poirt mar ‘Suzanna’ (samhlaigh ceol soukous léirithe ag laochra dub-techno na Gearmáine Basic Channel) agus an singil iontach ‘Malukayi’ i dteannta Konono No. 1, lena ghlór ana-hiopnóiseach ar an likembé (pianó ordóige) leictreach.

Fiú ar rian níos traidisiúnta rumba mar ‘Shégué’ cruthaíonn caisirníní Hammond agus faoileoireacht fuaime Farrell gur féidir leis an léiritheoir samhlaíoch a chuid císte a bheith ina sheilbh agus ina bholg aige.