Ní inniu nó inné a sciob Beirlín aitheantas mar Mheice clubála na hEorpa ó Londain.
Tá príomhchathair na Gearmáine anois dílithe ag na sluaite ceoltóirí, dj-anna agus ealaíontóirí de gach saghas, meallta chun maireachtáil ann ag cíosanna ísle, sochaí liobrálach agus an bonhomie ginearálta múscailte ag athaontú na cathrach ag deireadh na n-ochtóidí.
Ina measc siúd tá Jay ‘Fuckpony’ Haze as Philidelphia, léiritheor ceoil house par excellence agus úinéir an lipéid, Tuning Spork.
Ach mar Mheiriceánach le tuiscint dhomhain aige ar na fréamhacha Meiriceánacha atá ag ceol house, tá bua luachmhar tugtha ag Haze do chóisir-gan-chríoch Bheirlín.
Tá Let The Love Flow ar nós cárta poist seolta chugat ag cara a bhfuil deireadh seachtaine fada á chaitheamh acu ar urláir rince chlubanna Bheirlín.
Mar is léir ó na teidil, is beag an iarracht atá déanta ag Haze bunfheidhm rianta mar Orgasm On The Dancefloor Saturday Night agus A Pills Medley a cheilt, agus is deacair gan 7 a’ chlog maidin Dé Domhnaigh i gclub lán de dhaoine atá tar éis an oíche a chaitheamh ag rince (agus nach bhfuil ag iarraidh stopadh!) a shamhlú le Always Sunday.
An méid sin ráite, tá fíneáltacht agus oirirceas ag baint leis an gceol a chumann Fuckpony chun an t-urlár rince a ghriogadh chun áthais, sa tslí a nochtaíonn port mar I’m Burning Inside a ghnaíúlacht diaidh ar ndiaidh.
Tá nóiméad milis nó dhó amuigh ón urlár rince ann freisin, i bhfoirm an traic inbhreathnaithigh R U Feeling Abroad ach go háirithe, ach go príomha is saothar don gclubálaí foirfeach é Let The Love Flow.