“Is maith hiad na buillí sin”, arsa máthair an chumadóra footwork Jlin léi lá, agus í ag éisteacht le port nua-léirithe de chuid a hiníne, “ach conas a fhuaimníonn tusa?”
Dlisteanacht an ábhair shampláilte mar bhunábhar an léiritheora cheoil a bhí i gceist ag máthair Jlin – cá bhfuil do thriail, mar ealaíontóir, muna bhfuil á dhéanamh agat ach giotaí beaga de cheol sampláilte a lúbadh is a dhíliú ina gcrot footwork?
Gan freagra sásúil aici ar cheist a máthar, ghlac Jlin leis mar dhúshlán.
Ón lá sin ar aghaidh níor bhain Jlin úsáid arís as ábhar sampláilte is í i mbun cumadóireachta.
Eisceacht í Jlin sa mhéid sin, ach b’eisceacht riamh mar léiritheoir footwork í – is beag bean a bhfuil le clos sa réimse úd.
Ach éist le Dark Energy is níl inscne le sonrú.
Is éard atá le tabhairt fé ndeara ná dúthracht mheasta fhíneáilte Jlin.
Tá an stuif seo chomh crua, brúidiúil, lán teannais le footwork na bhfear, ach damanta snasta agus samhlaíoch san am céanna de dheasca mhodh oibre Jlin.
Le Dark Energy tá Jlin tar éis footwork – seánra ceoil a tháinig ar an saol mar cheol don rinceoir amháin – a stiúradh i dtreo ealaíonta úr do ghaiscígh na gcluasán.