Cad é seo, go díreach?
In 1964 d’fhág Jo Tongo a thír dhúchais, Camarún, chun tabhairt faoi chúrsa staidéir sa chógaisíocht i bPáras na Fraince.
Meallta ag fuaimeanna úra idir boogaloo agus func Meiriceánach a chuala sé i gclubanna rince na hardchathrach, chaith Tongo uaidh na cógais chun tabhairt faoi shaol an cheoltóra.
Ag taifeadadh ar dtús mar Jojo L’Explosif, d’eisigh sé a chéad singil, ‘Get It (The Way I like It)’, in 1968.
Níor stop sé ó shin.
Ag teacht sna sála ar atheisiúintí an lipéid Africa Seven de scoth-albaim leithéidí Sorry Bamba agus Pasteur Lappe, tiomsaíonn Funk Experimentals na rianta is fearr a d’eisigh Tongo sa tréimhse 1968-1982, chomh maith le 3 rian nua atá taifeadta aige i mbliana.
An bhfuil aon mhaith ann?
Tugaim do dhúshlán gan rince!
Tá formhór na rianta seo go diail.
Tá scoth an func, afrai-dioscó den saghas is mílse, agus ceol le macallaí den makossa agus boogaloo ann le clos.
Fiú agus foinsí ionsparáide Meiriceánacha Tongo soiléir le clos ní fhéadfá locht a fháil ar a léamh teann, Afracach ar cheol na Meiriceánach.
Níl aon amhras, mar shampla, ach go bhfuil ‘Dig It’ bunaithe ar ‘Tighten Up‘ le Archie Bell & The Drells, agus cóiriú na dtéaduirlisí ar ‘Funky Feeling’ go mór faoi chomaoin ag ‘Open Up‘ le Chic – ach cén dochar é?
D’fhéadfá cás a dhéanamh go bhfuil níos mó de spiorad Nile Rodgers i ndordlíne an ‘Those Flowers’ lonrach ná mar atá in aon dhordlíne a chum Rodgers féin, fiú.
Cuireadh chun samplála é barr-oscailt an amhráin má bhí ceann riamh ann!
Más fuaim níos dílse d’oidhreacht ceoil thír dhúchais Tongo atá uait tabhair cluas le héisteacht do makossa-func mealltach ‘Piani’ agus ‘Jongolo’, nó afra-boogie scaoilte ‘Ewande’.
Laigí?
Níl aon cheann dos na rianta nuathaifeadta ar chomhchaighdeán leis an sean-stuif.
Ní haon díobháil iad a bhaith suite ag eireaball an albaim seachas ina lár, mar sin.
An breithiúnas?
Níl aon stop le ceirníní Africa Seven i mbliana. Sár-bhailiúcháin.